Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Gníomh an Aontais um Chibear-Dhlúthpháirtíocht

Le Gníomh an Aontais um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, cuirfear feabhas ar ullmhacht, brath agus freagairt ar theagmhais chibearshlándála ar fud an Aontais.

Tháinig Gníomh an Aontais um Chibear-Dhlúthpháirtíocht i bhfeidhm an 4 Feabhra 2025. Is é is aidhm dó acmhainneachtaí san Aontas a neartú chun bagairtí agus ionsaithe cibearshlándála suntasacha agus mórscála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh. Áirítear leis an nGníomh Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála, ina bhfuil Cibearmhoil Náisiúnta agus Trasteorann atá idirnasctha ar fud an Aontais, agus Sásra cuimsitheach um Éigeandáil Chibearshlándála chun cibear-athléimneacht an Aontais a fheabhsú.

An Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála

Áirítear sa Ghníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht togra le haghaidh Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun feabhas a chur ar bhrath, anailís agus freagairt ar chibearbhagairtí.

Beidh an córas sin comhdhéanta de Chibearmhoil Náisiúnta agus Trasteorann ar fud an Aontais, a úsáidfidh ardteicneolaíocht amhail an Intleacht Shaorga (IS) agus anailísíocht sonraí chun rabhaidh maidir le bagairtí a bhrath agus a chomhroinnt le húdaráis thar theorainneacha.

Le linn na chéad chéime, a seoladh i mí na Samhna 2022, roghnaíodh dhá chuibhreannas de Lárionaid Oibríochtaí Slándála trasteorann (Cibearmhoil anois), faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.

Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála

Áiritheofar leis an Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála go bhfeabhsófar ullmhacht agus freagairt do theagmhais chibearshlándála. Déanfaidh sé é sin trí ghníomhú i dtrí réimse:

  1. Tacú le gníomhaíochtaí ullmhachta: Eintitis in earnálacha ríthábhachtacha amhail airgeadas, fuinneamh agus cúram sláinte a thástáil le haghaidh laigí a d’fhéadfadh iad a dhéanamh leochaileach do chibearbhagairtí. Ba cheart measúnú riosca comhchoiteann ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh agus na hearnálacha atá le tástáil á roghnú.
  2. Cúltaca Cibearshlándála an Aontais a chruthú: Is éard a bheidh i gCúltaca Cibearshlándála an Aontais seirbhísí freagartha ar theagmhais ó sholáthraithe seirbhíse príobháideacha (‘soláthraithe iontaofa’), ar féidir iad a imscaradh arna iarraidh sin do na Ballstáit nó d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais nó do thríú tíortha atá comhlachaithe le CED faoi réir choinníollacha an Ghnímh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar theagmhais chibearshlándála shuntasacha nó mhórscála.
  3. Cúnamh frithpháirteach a áirithiú: Tacóidh an sásra le Ballstát a thairgeann cúnamh frithpháirteach do Bhallstát eile a ndéanann teagmhas cibearshlándála difear dó.

Sásra um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála

Bunaítear leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht freisin an Sásra Eorpach um Athbhreithniú ar Theagmhais Chibearshlándála chun teagmhais chibearshlándála shonracha a mheasúnú agus a athbhreithniú. Arna iarraidh sin don Choimisiún nó do na húdaráis náisiúnta (EU-CyCLONe), beidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar theagmhas cibearshlándála suntasach nó mórscála sonrach agus ba cheart di tuarascáil a chur ar fáil ina n-áireofar na ceachtanna a foghlaimíodh, agus i gcás inarb iomchuí, moltaí chun feabhas a chur ar chibearfhreagairt an Aontais.

Maoiniú

Tacófar leis an gCóras Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála agus le Sásra um Éigeandáil Chibearshlándála an Rialacháin seo trí chistiú faoi Chuspóir Sonrach ‘Cibearshlándáil agus Iontaoibh’ an Chláir don Eoraip Dhigiteach (DIGITAL).

Áirítear sa bhuiséad iomlán méadú €100 milliún a bheartaítear leis an Rialachán seo a ath-leithdháileadh ó Chuspóirí Straitéiseacha eile an Chláir don Eoraip Dhigiteach. Fágfaidh sé sin gurb é €842.8 milliún an méid iomlán nua a bheidh ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí Cibearshlándála faoi DIGITAL.

Le cuid den €100 milliún breise, treiseofar an buiséad arna bhainistiú ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála chun gníomhaíochtaí maidir le Cibearmhoil agus ullmhacht a chur chun feidhme mar chuid dá gClár Oibre nó dá gCláir Oibre. Thairis sin, úsáidfear an cistiú breise chun tacú le bunú Chúltaca Cibearshlándála an Aontais.

Comhlánaíonn sé an buiséad dá bhforáiltear cheana féin le haghaidh gníomhaíochtaí comhchosúla sa phríomhchlár oibre DIGITAL agus Cybersecurity DIGITAL ón tréimhse 2023-2027, rud a d’fhéadfadh an t-iomlán a thabhairt go €551 mhilliún le haghaidh 2023-2027, agus tiomnaíodh €115 mhilliún cheana féin i bhfoirm treoirthionscadail le haghaidh 2021-2022. Agus ranníocaíochtaí na mBallstát san áireamh, d’fhéadfadh suas le €1.109 billiún a bheith sa bhuiséad foriomlán.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

Oibríonn an tAontas Eorpach i réimsí éagsúla chun an chibear-athléimneacht a chur chun cinn, chun ár gcumarsáid agus ár sonraí a chosaint agus chun an tsochaí agus an geilleagar ar líne a choinneáil slán.