Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Chomhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré: ár n-athléimneacht eacnamaíoch a neartú

Dé hAoine seo caite, thionóil an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré an chéad chomhairle um Chomhpháirtíocht Dhigiteach i Súl, Poblacht na Cóiré. Bhí an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, agus Aire Eolaíochta agus TFC na Cóiré, an tUasal Lee Jong-Ho, ina gcomhchathaoirligh ar an gComhairle.

flags of the Republic of Korea and the European Union

European Commission

Le linn chruinniú na n-airí, tháinig an tAontas agus Poblacht na Cóiré ar chomhaontú maidir leis na príomhthorthaí chun an comhar a chur chun cinn ar mhaithe le claochlú digiteach a bheidh cuimsitheach agus athléimneach.

D’aontaigh an dá chomhpháirtí go n-oibreoidís ar leathsheoltóirí, ar an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta (HPC) agus ar theicneolaíocht chainníochtúil, ar 5G agus níos faide i gcéin, ar gheilleagar na n-ardán, ar an intleacht shaorga (IS) agus ar an gcibearshlándáil.

Príomhthorthaí na chéad chomhairle um Chomhpháirtíocht Dhigiteach

Gheall an tAontas agus Poblacht na Cóiré go n-oibreoidís i gcomhar le chéile ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ar teicneolaíochtaí iad a cuireadh chun cinn le déanaí i straitéis slándála eacnamaíche an Aontais.

Tá cumas ceannasach ag AE agus ag Poblacht na Cóiré i réimse na leathsheoltóirí. Chinn siad Fóram ROK-AE do Thaighdeoirí Leathsheoltóirí a bhunú a bhfuil sé mar aidhm aige taighde a chur chun cinn i réimsí comhlántacha. I réimse na Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta (HPC), d’aontaigh an dá chomhpháirtí dul i gcomhar le chéile chun feidhmchláir a fhorbairt lena n-úsáid i gcásanna leasa choitinn amhail imeachtaí adhaimsire nó eolaíocht ábhair. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, féachfaidh an tAontas agus Poblacht na Cóiré le rochtain taighdeoirí ar bhonneagair ríomhaireachta ardfheidhmíochta faoi seach a éascú. Bunófar sainghrúpa Quantum freisin chun oibriú ar chaighdeáin agus ar thaighde.

Saineoidh an dá chomhpháirtí fís choiteann do 6G, ag tógáil ar a gceannaireacht i dteicneolaíochtaí 5G. Ina theannta sin, méadóidh siad an comhar maidir leis an intleacht shaorga agus bunóidh siad idirphlé buan chun go bhféadfar tionscnaimh le haghaidh IS iontaofa a nuashonrú go rialta ó gach taobh, lena n-áirítear maidir le samhlacha móra intleachta saorga giniúnach agus tacú le cineálacha cur chuige coiteanna i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeáin a bhaineann leis an intleacht shaorga.

Thairis sin, mar chomhpháirtithe straitéiseacha atá ar aon intinn, rinne an tAontas agus an Chóiré bearta chun dlús a chur lena gcomhar ar mhaithe le claochlú digiteach cuimsitheach athléimneach. Tá an fhís chéanna ag an dá chomhpháirtí maidir le timpeallacht ar líne atá cothrom agus slán ina bhfuil cothromaíocht chomhchuí idir nuálaíocht, sábháilteacht agus cothroime. Chomhaontaigh siad feabhas a chur ar an gcomhar maidir leis an gcibearshlándáil, go háirithe trí mhalartú faisnéise agus trí chomhar tionsclaíoch, agus leanfaidh siad de phrionsabail an Dearbhaithemaidir le Todhchaí an Idirlín a chur chunfeidhme.

Na chéad chéimeanna eile

Maidir leis an obair a dhéanfar amach anseo, chomhaontaigh an dá thaobh faisnéis a mhalartú maidir leis an slabhra soláthair leathsheoltóra agus a gcomhar a leathnú amach anseo maidir le naisc shlána bonneagair nascachta digití, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí; scileanna digiteacha agus forbairt acmhainní; agus malartú dea-chleachtas maidir le gnólachtaí nuathionscanta digiteacha.

Tá an chéad Chomhairle Comhpháirtíochta Digití eile beartaithe go luath in 2024, sa Bhruiséil, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun céimeanna breise a thabhairt chun an chomhpháirtíocht dhigiteach idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré a dhoimhniú.

Cúlra

D’fhógair an tUachtarán von der Leyen agus an tUachtarán Yoon Comhpháirtíocht Dhigiteach AE -ROK go comhpháirteach an 28 Samhain 2022. Tugadh an chéad Chomhpháirtíocht Dhigiteach i gcrích i mí na Bealtaine 2022 leis an tSeapáin le linn an 28ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin. An 1 Feabhra 2023, síníodh Comhpháirtíocht Dhigiteach AE-Singeapór, lena leantar de chomhpháirtíochtaí an Aontais san Áise a neartú, i gcomhréir le straitéis an Aontais maidir le Comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach

Tá caidreamh taidhleoireachta bunaithe ag AE agus Poblacht na Cóiré 60 bliain ó shin, agus tá comhar seanbhunaithe acu sa réimse trádála, taighde agus digiteach le Comhaontú Saorthrádála ROK-AE (FTA, 2011) agus leis an gComhaontú maidir leis an gComhar Eolaíoch agus Teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na Cóiré (Comhaontú S &T, 2006). Le linn Chruinniú Mullaigh ROK-AE an 22 Bealtaine 2023, d’athdhearbhaigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen agus Uachtarán Phoblacht na Cóiré, Yoon Suk Yeol, a thábhachtaí atá an caidreamh idir an tAontas agus ROK agus d’iarr siad go leathnófaí an comhar faoin gComhpháirtíocht Dhigiteach idir an tAontas agus ROK.

Tuilleadh Eolais

Ráiteas Comhpháirteach AE-ROK

Seoladh Comhpháirtíocht Dhigiteach AE-ROK

Comhpháirtíochtaí Digiteacha