Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

EUR 16.5 milliún chun tacú le teicneolaíochtaí na meán, comhar trasteorann agus rochtain daoine ar fhaisnéis

Sheol an Coimisiún Eorpach trí ghlao ar thograí inniu, ar fiú EUR 16.5 milliún san iomlán iad, chun tacú le faisnéis iolraíoch, ábhar nuálach sna meáin agus rochtain níos fearr ar fhaisnéis ilteangach do shaoránaigh an Aontais.

Media room camera and monitors

@Gettyimages

Díríonn céad ghlao dar luach EUR 8 milliún ar Mhoil Eorpacha na Meán a bhunú nó a leathnú, amhail seomraí nuachta fíorúla nó fisiciúla trasteorann. Tacóidh sé le forbairt comhléirithe eagarthóireachta agus tairiscintí comhábhair maidir le gnóthaí Eorpacha, i roinnt teangacha, idir eagraíochtaí éagsúla meán ar fud na hEorpa, agus neamhspleáchas eagarthóireachta á urramú go hiomlán.

Le glao Ardáin Eorpacha na Meán, ar fiú EUR 6 mhilliún é, cabhrófar le heagraíochtaí meán cur lena raon feidhme, agus is é is aidhm dó táirgeadh ábhair nuachta nuálach a spreagadh trí uirlisí ina n-úsáidtear teicneolaíochtaí amhail intleacht shaorga, gréasán3, blocshlabhra, chomh maith le hinnill chuardaigh sofaisticiúla agus algartaim mholta inneachair.

Cuideoidh an tríú tionscadal, ar fiú EUR 2.5 milliún é, le tairseach sruthaithe Eorpach a chruthú lena n-éascófar rochtain daoine ar ábhar éagsúil a chuireann craoltóirí poiblí agus príobháideacha ar fáil. Bainfidh sé úsáid freisin as uirlisí intleachta saorga agus ullmhóidh sé an talamh i dtreo eispéiris amhairc níos tumtha agus níos comhroinnte.

Iarrann siad sin obair leantach a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc agus ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Tá siad oscailte d’eagraíochtaí meán nuachta agus do chraoltóirí, chomh maith le heagraíochtaí eile in earnáil na meán. Tá tuilleadh eolais, lena n-áirítear spriocdhátaí d’iarratais, ar fáil faoi gach glao ar leith.

Tuilleadh Eolais:

Deiseanna maoiniúcháin ón Aontas Eorpach d’earnáil na meán nuachta