
© Who_I_am - iStock Getty Images Plus
Dé Máirt, 31 Bealtaine 2022 ag 14.00-16.00 Am Lár na hEorpa
Déardaoin, 9 Meitheamh 2022 ag 10.00-12.00 Am Lár na hEorpa
Le foilsiú an Fhógra Réamhfhaisnéise, iarrann an Coimisiún Eorpach ar ghníomhaithe féideartha margaidh ón tionscal agus ón bpobal taighde páirt a ghlacadh sa réamhchomhairliúchán margaidh don soláthar Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) atáar na bacáin. Le linn an chomhairliúcháin oscailte ar an margadh, tá aiseolas á lorg ag an gCoimisiún, go háirithe, maidir leis na cineálacha cur chuige soláthair, na dúshláin theicniúla agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann.
Déanfar na seimineáir ghréasáin a sceidealú Dé Máirt, an 31 Bealtaine 2022 ag 14.00-16.00 Am Lár na hEorpa agus Déardaoin, an 9 Meitheamh 2022 ag 10.00-12.00 Am Lár na hEorpa. Déanfaidh an soláthar bonneagar EOSC oibríochtúil, slán, scamallbhunaithe a thógáil agus a imscaradh, lena n-áirítear Croí-Ardán EOSC cónasctha agus Malartú EOSC, ag tairiscint seirbhísí gairmiúla ardchaighdeáin agus taithí úsáideora níos fearr do líon mór úsáideoirí, agus na feidhmiúlachtaí ar fáil 24/7. Is gníomhaíocht í an ghníomhaíocht soláthair a chistítear ó Chlár Oibre na mBonneagar Taighde 2021-2022 den chlár Fís Eorpach.
Iarraimid ort breathnú ar an gclár oibre agus an fhoirm chlárúcháin a líonadh isteach.
Teagmháil: CNECT-EOSC-PROCUREMENT(ag)ec.europa.eu
Eolas cúlra
Is é is aidhm don Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte cónascadh bonneagar a bhaint amach lena soláthrófar rochtain rianúil ar réada taighde idir-inoibritheacha agus ar sheirbhísí breisluacha don timthriall iomlán sonraí taighde, ón bhfionnachtain agus ón mianadóireacht go dtí stóráil, bainistiú, anailís agus athúsáid thar theorainneacha agus disciplíní eolaíocha. I gcomhthéacs na hEolaíochta Oscailte, tá sé d’aidhm ag EOSC ceannaireacht dhomhanda a thabhairt don Aontas maidir le bainistiú sonraí taighde agus a áirithiú go mbainfidh eolaithe Eorpacha tairbhe iomlán as an eolaíocht shonraíbhunaithe.