Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Iarrann an Coimisiún ar shaoránaigh agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a roinnt maidir leis an nGníomh Eorpach um Chibear-athléimneacht

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag an gCoimisiún chun tuairimí agus taithí na bpáirtithe ábhartha uile a bhailiú maidir leis an nGníomh Eorpach um Chibear-athléimneacht atá ar na bacáin.

Glowing futuristic background with lock on digital integrated circuit

iStock photo Getty Images plus

D’fhógair an tUachtarán von der Leyen den chéad uair ina haitheasc ar Staid an Aontais i mí Mheán Fómhair 2021, féachann an Gníomh le comhrialacha cibearshlándála a bhunú le haghaidh táirgí digiteacha agus seirbhísí gaolmhara a chuirtear ar an margadh ar fud an Aontais Eorpaigh. Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí san áireamh sa togra ón gCoimisiún maidir le reachtaíocht a bhfuiltear ag súil leis sa dara leath den bhliain seo.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Chun aghaidh a thabhairt ar chibirionsaithe éagsúla sofaisticiúla an lae inniu, tá gá le hardteicneolaíocht, bonneagar slán, agus comhar oibríochtúil méadaithe, chomh maith le cur chuige coiteann maidir le tagarmharcanna cibearshlándála le haghaidh táirgí agus seirbhísí. Táimid ag tnúth le hionchur a fháil ó gach saoránach agus eagraíocht a bhfuil suim acu ann chun cabhrú linn an Gníomh nua um Chibear-Athléimneacht a mhúnlú, gníomh a bheidh ina chuid lárnach den chreat straitéiseach, beartais agus reachtach Eorpach maidir leis an gcibearshlándáil.

Comhlánóidh an Gníomh um Chibear-Athléimneacht creat reachtach an Aontais atá ann cheana, lena n-áirítear an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise ( Treoir NIS) agus an Gníomh um Chibearshlándáil, chomh maith leis an Treoir a bheidh ann amach anseo maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (NIS 2) a mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2020. Beidh an comhairliúchán poiblí ar oscailt go ceann 10 seachtaine, go dtí an 25 Bealtaine 2022. Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún glao ar fhianaise chun forléargas a chruthú ar na fadhbanna a sainaithníodh faoi láthair agus ar na bealaí a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu. Beidh an glao ar fhianaise ar oscailt le haghaidh tuairimí i gcomhthráth leis an gcomhairliúchán poiblí, ar feadh 10 seachtaine freisin.

Tuilleadh sonraí faoin gcomhairliúchán poiblí