Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Bosca uirlisí nascachta: Tagann na Ballstáit ar chomhaontú maidir le dea-chleachtais chun borradh a chur faoi imlonnú tráthúil líonraí 5G agus snáithín

Tháinig Ballstáit an Aontais ar chomhaontú maidir le Bosca Uirlisí Nascachta ar fud an Aontais, tuarascáil ar dhea-chleachtais a mheasann siad is éifeachtúla maidir le líonraí an-ardtoillte fosaithe agus móibíleacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear 5G.

Áirítear orthu sin, mar shampla, díolúintí a cheadú le haghaidh oibreacha sibhialta áirithe; tairseach aonair ar líne chun an fhaisnéis uile is gá maidir le ceadanna, oibreacha sibhialta agus bonneagar a chur ar fáil; dreasachtaí airgeadais i gceantanna speictrim le haghaidh infheistíochtaí i líonraí; agus bearta a thacaíonn le nascacht gan sreang chun gur féidir teicneolaíochtaí suaiteacha agus innealra cliste a úsáid in earnálacha na monaraíochta agus na tionsclaíochta. Cuideoidh na dea-chleachtais sin leis na Ballstáit rochtain thráthúil atá fabhrach don infheistíocht ar speictream 5G a áirithiú d’oibreoirí móibíleacha agus d’úsáideoirí eile speictrim, lena n-áirítear le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha trasteorann, sampla d’iompar, fuinneamh, cúram sláinte, nó talmhaíocht. Cuideoidh siad freisin le hoibreoirí an costas a bhaineann le leathanbhanda gigighiotáin a úsáid a laghdú.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Sa Deacáid Dhigiteach, ba cheart go mbainfeadh gach Eorpach tairbhe as naisc thapa shlána. Ní mór dúinn tús a chur inniu leis an uaillmhian sin a fhíorú. Is toradh é an Bosca Uirlisí Nascachta ar chomhar agus ar thiomantas na mBallstát chun bacainní a bhaint agus borradh a chur faoi líonraí an-tapa a chur in úsáid.

Leanann Bosca Uirlisí Nascachta an lae inniu as an Moladh ón gCoimisiún i mí Mheán Fómhair 2020 inar iarradh ar na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht i mbonneagar nascachta leathanbhanda fíor-ardacmhainne, 5G san áireamh, arb é an bloc is bunúsaí den chlaochlú digiteach é agus ar colún ríthábhachtach den téarnamh é. Níos luaithe an mhí seo chuir an Coimisiún Teachtaireacht i láthair maidir le Deich mBliana Digiteacha na hEorpa ina leagtar amach an aidhm gach teaghlach Eorpach a nascadh le luasanna gigighiotáin agus cumhdach 5G a áirithiú do na limistéir uile a bhfuil daonra iontu san Aontas chomh maith le bealaí móra iompair. Cuireann an Bosca Uirlisí Nascachta leis an Treoir maidir le Costas Leathanbhanda a Laghdú, atá faoi athbhreithniú faoi láthair, agus leis an gCód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach. Mar chéad chéim eile, ba cheart do na Ballstáit treochláir aonair a roinnt leis an gCoimisiún faoin 30 Aibreán 2021 chun an Bosca Uirlisí a chur chun feidhme.

Tuilleadh eolais