I dtuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití, rianaítear dul chun cinn an Aontais i dtreo claochlú digiteach a rachaidh chun tairbhe do dhaoine, do ghnólachtaí agus don chomhshaol.
Conair na hEorpa i dtreo a Claochlaithe Dhigitigh
Gach bliain ó 2023 ar aghaidh, foilsíonn an Coimisiún Eorpach Staid na Deacáide Digití. Scrúdaítear sa tuarascáil dul chun cinn an Aontais ina chlaochlú digiteach, arna thomhas i gceithre phríomhréimse: bonneagar digiteach, scileanna digiteacha, digitiú seirbhísí poiblí agus digitiú gnólachtaí. Scrúdaítear i dtuarascáil 2024 freisin na príomhspreagthaí agus na príomhdhúshláin, lena n-áirítear an pharaidím gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, an comhthéacs eacnamaíoch casta, a bhfuil tionchar ag teicneolaíochtaí nua amhail IS giniúnach orthu, agus a dtionchar ar an iomaíochas. Leagtar béim ann ar an ngá atá le daoine agus sochaithe a choinneáil rannpháirteach i gcomhthéacs atá ag éirí níos hibridí agus níos casta. Ar deireadh, leagtar béim san fhoilseachán freisin ar sheasamh an Aontais mar nuálaí beartais dhomhanda agus pléitear conasbonn tionsclaíochan Aontais a neartú.
Den chéad uair, déantar meastóireacht i dtuarascáil 2024 ar Threochláir Straitéiseacha Náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach a ghlac na Ballstáit in 2023. Tugtar forléargas ann freisin ar a n-iarrachtaí digitithe,tugtar moltaí maidir le feabhsú, agus déantar faireachán ar chur i bhfeidhm an Dearbhaithe Eorpaigh maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití.
Isoscailt súl í tuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití,agus iarrtar ar na Ballstáit iarrachtaí níos móa dhéanamh. Sainaithnítear ann mar phríomh-shaincheisteanna an easpa dul chun cinn leordhóthanach i dtreo cuspóirí agus spriocanna, agus éagothromaíochtaí suntasacha i measc na mBallstát. Déantar anailís arna saincheisteanna sin i mbraislí, a shainítear bunaithe ar a rannchuidiú leis an méid seo a leanas:
- Aontas atá iomaíoch, ceannasach agus athléimneach
- p daoinea rothlú agus a chumhachtú
- an claochlú digiteach a ghiaráil ar mhaithe le glasú cliste
- beartais dhigiteacha agus caiteachas digiteach a chomhchuibhiú
Dul chun cinn a mhapáil
Tá rath na Deacáide Digití ríthábhachtach do rathúnas agus d’iomaíochas na hEorpa. Leagtar béim sna spriocanna ní hamháin ar an bhfás eacnamaíoch, ach ar ár bhfolláine shochaíoch freisin. Is deis shuntasach í an Deacáid Dhigiteach don Aontas a thodhchaí a mhúnlú, teicneolaíochtaí digiteacha a ghiaráil chun nuálaíocht a spreagadh, cáilíocht saoil a fheabhsú, agus sochaí inbhuanaithe chuimsitheach a áirithiú.
Mar sin féin,i dtuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití, cuirtear ábhair imní in iúl maidir le feidhmíocht an Aontais ina chlaochlúdigiteach. Tá gá le gníomhaíochtaí práinneacha chun dlús a chur leis an dul chun cinn agus chun cur chuige comhordaithe a áirithiú. Níor bhain an tAontas cóineasú amach go hiomlán fós maidir le formhór na spriocanna agus na gcuspóirí, agus tá luas an dul chun cinn maidir le roinnt spriocanna níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis. Is fíor sin go háirithe i réimsí na scileanna, na nascachta ardcháilíochta, ghlacadh na hIntleachta Saorga (IS) agus na hanailísíochta sonraí ag gnólachtaí, leathsheoltóirí agus éiceachórais nuathionscanta. Thairis sin, níl leas iomlán á bhaint as acmhainneacht iomlán an Mhargaidh Aonair Dhigitigh go fóill, go háirithe toisc nach mór an t-aistriú digiteach a chur i gcrích fós.
Ní leor an dul chun cinn a rinneadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus tá méid suntasach ilroinnte fós ann ar an leibhéal náisiúnta. Leagtar béim sa tuarascáil ar a riachtanaí atá sé go gcomhoibreodh na Ballstáit agus go gcoinneoidís na gealltanais a ghlac siad chucu féin maidir lena dtreochláir straitéiseacha.
Conas na tuarascálacha éagsúla anascleanúint?
Anseo thíos beidh tú in annan phríomhthuarascáil agus na hiarscríbhinní a ghabhann léi a íoslódáil. Gheobhaidh tú freisin 2Dhoiciméad Inmheánacha Oibre (SWDanna) agus nóta modheolaíochta agus raon staidéar tacaíochta ina dhiaidh sin. Mar thoradh ar an gcuid is mó de na naisc tá leaganacha PDF in-íoslódáilte.
- Sa Teachtaireacht maidir le ‘Staid na Deacáide Digití 2024’, déantar breithniú ar dhul chun cinn an Aontais i dtreo claochlú digiteach rathúil, mar a leagtar amach i gClár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach.
- In Iarscríbhinn 1 ‘Iomaíochas agus ceannasacht, daoine, glasú cliste, comhleanúnachas beartais agus sineirgí’ tugtar tuairisc ar an dul chun cinn ar leibhéal an Aontais maidir leis na gnéithe éagsúla a rianaítear le Clár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach, agus ar an éifeacht ar gheilleagar agus ar shochaí an Aontais.
- In Iarscríbhinn 2 ‘Conairí réamh-mheasta ar leibhéal an Aontais le haghaidh na spriocanna digiteacha a thabhairt cothrom le dáta’, déantar conairí réamh-mheasta na mBallstát faoi 2030 a mhapáil, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil
- Áirítear in Iarscríbhinn 3 ‘Tuarascálacha gearra ó 27 mBallstát an Aontais’ achoimrí ar thuarascálacha de réir tíre:
- Leagtar amach go hiomlán sa Doiciméad Inmheánach Oibre maidir le caibidlí tíredul chun cinn gach Ballstáit maidir leis na spriocanna agus na cuspóirí le bliain anuas. Is féidir leat an tuarascáil aonair do gach tír a íoslódáil ón nasc thuas.
- Sainítear sa ‘Nóta Modheolaíochta DESI’an mhodheolaíocht a úsáidtear chun dul chun cinn an Aontais a rianú.
- An Doiciméad Inmheánach Oibre ‘An Deacáid Dhigiteach in 2024: Cur chun feidhme agus peirspictíocht’, cuid 1 agus cuid 2.
- In Iarscríbhinn 1 ‘Liosta na dtionscnamh beartais ábhartha’ déantar breithniú ar na tionscnaimh bheartais a rannchuidíonn lenár ngeilleagar digiteach a chothú agus saoránaigh na hEorpa a chosaint ar líne.
- In Iarscríbhinn 2 ‘Nuashonrú ar MCPanna / EDICanna’ déantar cur síos ar staid na himeartha faoi láthair maidir le tionscadail trasteorann lena dtugtar na Ballstáit le comhoibriú leis an Aontas agus laistigh de
- Le hIarscríbhinn 3 ‘Anailís ar threochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach’ soláthraítear mionanailís ar threochláir na mBallstát, lena n-áirítear na bearta, na gníomhaíochtaí agus an buiséad atá tiomnaithe do spriocanna agus cuspóirí na Deacáide Digití a bhaint amach.
- In Iarscríbhinn 4 ‘Faireachán ar an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha’ déantar mionanailís ar an dul chun cinn i dtreo chuspóirí na Deacáide Digití agus ar chur chun feidhme na gCeart Digiteach agus na bPrionsabal Digiteach.
Áirítear an méid seo a leanas sa phacáiste freisin:
- Leis an staidéar tagarmharcála idirnáisiúnta, déantar an tAontas a thagarmharcáil in aghaidh seacht dtír nach Ballstáit den Aontas iad a sainaithníodh mar na tíortha is fearr feidhmíocht ar fud an domhain a bhaineann leis an digitiú (an Astráil, an tSín, Iosrael, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Ríocht Aontaithe, agus na Stáit Aontaithe) maidir leis na ceithre phríomhphointe den Deacáid Dhigiteach.
- Staidéar: Faireachán ar Chur Chun Feidhme an Dearbhaithe maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha
- Leis an staidéar ar chumhdach leathanbhanda, déantar faireachán ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo spriocanna a leagtar amach i gclár Beartais na Deacáide Digití, eadhon: ‘Nascacht ghigighiotáin do chách faoi 2030’ agus ‘5G ar a laghad i ngach limistéar ina bhfuil daonra.’
- Déanann an staidéar r-Rialtais faireachán ar dhigitiú na seirbhísí poiblí san Eoraip in 2023.
- Cuirtear i láthair sa staidéar r-Shláinte torthaí an mheasúnaithe bonnlíne ar thíortha AE27 chun an sprioc r-shláinte a bhaint amach maidir le rochtain 100 % a bheith ag saoránaigh an Aontais ar ríomhthaifid sláinte faoi 2030.
- Leis an Eorabharaiméadar ar Staid na Deacáide Digití 2024, cuirtear i láthair dearcadh agus tuairim shaoránaigh na hEorpa maidir le príomhghnéithe an chlaochlaithe dhigitigh i 27 mBallstát an Aontais.
- Déantar measúnú sa Tuarascáil Faireachlainne 5G ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na sprice go mbeadh an Eoraip ar an mór-roinn is nasctha faoi 2030.
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór
Leathanaigh fíricí

Féach leat an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit uile agus sleachta as moltaí tírshonracha.

Sa tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití, coinnítear súil ar dhul chun cinn an Aontais i...