Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais

Leis an bPlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais, leagadh síos spriocanna chun seirbhísí poiblí digiteacha a nuachóiriú agus chun áit níos fearr a dhéanamh don Aontas Eorpach le bheith ag obair, le maireachtáil ann agus le hinfheistiú ann.

    eGovernment procedures improve businesses by creating online procedures to set up a business, obtain government certificates, and for tax related matters

Cuireann an Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais ar chumas daoine ar fud an Aontais tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le seirbhísí poiblí digiteacha. Leagtar síos spriocanna sna pleananna chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tairseach Aonair Dhigiteach a chur ar bun lena gcuirfear ar chumas úsáideoirí gach seirbhís faisnéise, cúnaimh agus réitigh fadhbanna is gá a fháil chun oibriú go héifeachtúil thar theorainneacha;
  • na clárlanna gnó agus na cláir dhócmhainneachta go léir a idirnascadh agus iad a nascadh leis an tairseach don r-Cheartas, a bheidh ina ionad ilfhreastail;
  • píolótú a dhéanamh ar phrionsabal na haonuaire do ghnólachtaí thar theorainneacha ionas nach gá dóibh ach faisnéis a chur ar fáil do riarachán poiblí i mBallstát amháin agus, má cheadaítear sin, go n-athúsáidtear í idir tíortha éagsúla;
  • cuidiú le Ballstáit an Aontais ríomhsheirbhísí sláinte trasteorann amhail ríomhoidis a fhorbairt;
  • dlús a chur leis an aistriú chuig ríomhsholáthar agus cur chun feidhme phrionsabal na haonuaire sa soláthar poiblí.

D’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, sainaithníodh sa Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais 20 gníomhaíocht lena dtugtar aghaidh ar cheann amháin ar a laghad de na tosaíochtaí beartais seo a leanas:

  • riaracháin phoiblí a nuachóiriú trí úsáid a bhaint as príomhchumasóirí digiteacha;
  • soghluaisteacht saoránach agus gnólachtaí a chumasú trí idir-inoibritheacht trasteorann;
  • idirghníomhaíocht dhigiteach idir riaracháin agus saoránaigh nó gnólachtaí a éascú le haghaidh seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán.

Féadfaidh an Coimisiún nó páirtithe leasmhara, lena n-áirítear tíortha AE agus riaracháin phoiblí ar gach leibhéal, gníomhaíochtaí breise a mholadh.

An Nuacht is Déanaí

PRESS RELEASE |
Glaonna oscailte ag an gCoimisiún chun os cionn EUR 176 mhilliún a infheistiú in acmhainní digiteacha agus i dteicneolaíocht

D’oscail an Coimisiún Eorpach sraith nua glaonna ar thograí faoi Chláir Oibre 2023-2024 an Chláir don Eoraip Dhigiteach chun acmhainní digiteacha a neartú ar fud an Aontais. Tá na glaonna sin oscailte do ghnólachtaí, do riaracháin phoiblí, agus d’eintitis eile ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha CSTE/LEE, agus ó thíortha comhlachaithe. Tá buiséad os cionn EUR 176 mhilliún ag an tsraith glaonna seo.

PRESS RELEASE |
Dlús á chur ag an Aontas agus ag Ceanada lena gcomhpháirtíocht dhigiteach straitéiseach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua

Tháinig an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach Thierry Breton agus Aire Nuálaíochta, Eolaíochta agus Tionscail Cheanada François-Philippe Champagne le chéile an 1 Feabhra chun tús a chur leis an obair ar chur chun feidhme na Comhpháirtíochta Digití idir an tAontas agus Ceanada, a tugadh chun críche ag an gcruinniú mullaigh a tionóladh i gCeanada an 23-24 Samhain.

PRESS RELEASE |
An chéad scéim deimhniúcháin cibearshlándála uile-Aontais chun an spás digiteach Eorpach a dhéanamh níos sábháilte

Ghlac an Coimisiún an chéad scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála riamh, i gcomhréir le Gníomh um Chibearshlándáil an Aontais. Cuireann an scéim sraith rialacha agus nósanna imeachta uile-Aontais ar fáil maidir le conas táirgí TFC a dheimhniú ina saolré agus ar an gcaoi sin iad a dhéanamh níos iontaofa d’úsáideoirí.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

ríomhsheirbhísí rialtais agus seirbhísí poiblí digiteacha

Tá bearta nithiúla á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann a fhorbairt.