Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Call for tenders | Foilseachán

Glao ar Thairiscintí maidir le Sonraí Teanga

An Spás Sonraí Teanga: ardán agus margadh chun sonraí ilteangacha agus ilmhódacha teanga a bhailiú, a chruthú, a chomhroinnt agus a athúsáid.

Faoi Chlár Oibre DIGITAL 2021-2022, seoladh glao ar thairiscintí le haghaidh ‘Spás Coiteann Sonraí Teanga (LDS)’. Tabharfaidh an LDS deis do rannpháirtithe luach airgid a chur ar a n-acmhainní teanga — bídís ina sonraí, ina n-uirlisí, ina seirbhísí nó ina samhlacha — trí ardán amháin a chur ar fáil inar féidir leo sonraí teanga a mhalartú go gníomhach agus lánurraim á tabhairt do luachanna an Aontais agus do chomhlíonadh rialacha an Aontais (e.g., cosaint sonraí pearsanta, reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí agus dlí na hiomaíochta, etc.). Dá réir sin, cuirfear na sonraí riachtanacha ar fáil, ó thaobh cáilíochta agus cainníochta de, chun tacú le Samhlacha Móra Teanga (LLManna) agus seirbhísí teicneolaíochta teanga eile atá bunaithe ar IS a chruthú agus a chur in úsáid do réimse gnólachtaí.

Beidh an LDS mar chuid de gheilleagar Eorpach sonraí atá idirnasctha agus iomaíoch, ag tacú le hacmhainní teanga a luacháil agus a athúsáid laistigh d’Éiceachóras Eorpach na Spásanna Sonraí.

Áirítear ar chúraimí an tionscadail:

  1. sásraí rialachais an LDS a shainiú agus a chur chun feidhme;
  2. a ailtireacht tagartha a fhorbairt agus a chur in úsáid i gcomhréir leis an gCreat Teicniúil Eorpach maidir le Spásanna Sonraí agus le cabhair ón Lárionad Tacaíochta um Spásanna Sonraí (DSSC), agus caighdeánú, tagarmharcáil, idir-inoibritheacht agus cruthú luacha á gcur chun cinn ag an am céanna;
  3. an LDS a chur chun cinn do ghrúpaí páirtithe leasmhara ionchasacha chun feasacht a mhúscailt agus aiseolas luachmhar a bhailiú;
  4. comhordú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar an LDS thar shaolré an tionscadail agus feabhas a chur ar úsáid agus glacadh forásach an LDS agus na seirbhísí teicneolaíocht-bhunaithe a dhíorthaítear uaidh i measc gníomhaithe Eorpacha LDS, ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon.

Tugtar cuireadh do thairgeoirí a bhfuil suim acu sa ghlao seo tairiscint a chur isteach tríd an gcóras leictreonach tíolactha (ríomh-Aighneacht) atá ar fáil ó shuíomh gréasáin TED e-Tendering. Is é an spriocdháta le cur isteach Déardaoin, an 22 Meán Fómhair 2022 ag 16.00 Am Lár na hEorpa.

Ní mór aon iarraidh ar fhaisnéis bhreise a dhéanamh i scríbhinn amháin trí shuíomh gréasáin TED eTendering sa chluaisín ‘Ceisteanna & Freagraí’, trí chliceáil ar ‘Cruthaigh ceist’ (ní mór clárú ar TED eTendering a bheith in ann ceist a chruthú agus a chur isteach).