Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Sainghrúpa na Treorach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (WADEX)

Bunaíodh Sainghrúpa na Treorach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin chun tacaíocht a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme na Treorach agus chun dea-chleachtais a mhalartú.

Cuireann Sainghrúpa na Treorach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin (WADEX) comhairle ar an gCoimisiún maidir le hábhair theicniúla a bhaineann leis an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhordú agus comhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara. Nuair is gá, tá sainordú ag an ngrúpa saineolaithe freisin comhairle a chur ar an gCoimisiún i ndáil le gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ullmhú.

Cláir oibre, miontuairiscí agus cur i láthair chruinnithe WADEX

Tá faisnéis níos mionsonraithe faoi chomhaltaí WADEX ar fáil go poiblí ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna. 

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

Rochtain ar an nGréasán

Cad is inrochtaineacht gréasáin ann? Ligeann inrochtaineacht gréasáin do gach duine, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, an tIdirlíon a bhrath, a thuiscint, a nascleanúint agus idirghníomhú leis.

Féach freisin