
Is cloch mhíle é glacadh na dtreoirlínte in iarrachtaí an Choimisiúin borradh a chur faoin tsábháilteacht ar líne do leanaí agus do dhaoine óga faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Leagtar amach sna treoirlínte liosta neamh-uileghabhálach de bhearta comhréireacha agus iomchuí chun leanaí a chosaint ar rioscaí ar líne amhail mealltóireacht, ábhar díobhálach, iompraíochtaí fadhbacha agus andúile, chomh maith le cibearbhulaíocht agus cleachtais tráchtála dhíobhálacha. Is féidir leat na treoirlínte a íoslódáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat an leagan de na treoirlínte atá fabhrach do theaghlaigh agus an bhileog eolais - Cearta úsáideoirí faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a sheiceáil freisin.
Beidh feidhm ag na treoirlínte maidir le gach ardán ar líne a bhfuil rochtain ag mionaoisigh air, cé is moite de mhicrifhiontair agus fiontair bheaga. I measc na bpríomh-mholtaí tá an méid seo a leanas:
- Cuntais mionaoiseach a shocrú go príobháideach de réir réamhshocraithe ionas go mbeidh a gcuid faisnéise pearsanta, sonraí agus ábhar meán sóisialta i bhfolach uathu siúd nach bhfuil baint acu leo chun an baol go ndéanfaidh strainséirí teagmháil gan iarraidh a laghdú.
- Córais mholtóra na n-ardán a mhodhnú chun an riosca go dtiocfaidh leanaí ar ábhar díobhálach a laghdú nó go rachaidh siad i bhfostú i bpoill choinín ina bhfuil ábhar sonrach, lena n-áirítear trí chomhairle a chur ar ardáin tosaíocht a thabhairt do chomharthaí follasacha ó leanaí thar chomharthaí iompraíochta chomh maith le leanaí a chumhachtú chun smacht níos mó a bheith acu ar a bhfothaí.
- Leanaí a chumhachtú le bheith in ann aon úsáideoir a bhlocáil agus a bhalbhú agus a chinntiú nach féidir iad a chur le grúpaí gan a dtoiliú sainráite, rud a d’fhéadfadh cabhrú le cibearbhulaíocht a chosc.
- Toirmeasc a chur ar chuntais scáileáin d’ábhar arna phostáil ag mionaoisigh a íoslódáil nó a thógáil chun dáileadh neamh-inmhianaithe ábhair ghnéasaithe nó phearsanta agus sracadh gnéasach a chosc.
- Gnéithe a chuireann le húsáid iomarcach a dhíchumasú de réir réamhshocraithe, amhail "streaks," ábhar gearrshaolach cumarsáide, "admhálacha léitheoireachta," autoplay, nó fógraí brú, chomh maith le gnéithe dearaidh áititheacha a bhaint atá dírithe go príomha ar rannpháirtíocht agus coimircí a chur timpeall ar bhotaí comhrá IS atá comhtháite in ardáin ar líne.
- A áirithiú nach mbainfear leas as easpa litearthachta tráchtála leanaí agus nach mbeidh siad neamhchosanta ar chleachtais tráchtála a d’fhéadfadh a bheith ionramhálach, a bhféadfadh caiteachas neamh-inmhianaithe nó iompraíochtaí andúile a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear airgeadraí fíorúla áirithe nó boscaí éadála áirithe.
- Bearta a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar uirlisí modhnóireachta agus tuairiscithe, lena n-éilítear aiseolas pras, agus íoscheanglais maidir le huirlisí rialaithe tuismitheoirí.
Moltar sna treoirlínte freisin modhanna éifeachtacha dearbhaithe aoise a úsáid ar choinníoll go bhfuil siad cruinn, iontaofa, láidir, neamh-ionrach agus neamh-idirdhealaitheach. Go háirithe, moltar sna treoirlínte modhanna fíoraithe aoise chun srian a chur le rochtain ar ábhar do dhaoine fásta amhail pornagrafaíocht agus cearrbhachas, nó nuair a leagtar síos aois íosta le rialacha náisiúnta chun rochtain a fháil ar sheirbhísí áirithe amhail catagóirí sainithe de sheirbhísí meán sóisialta ar líne. Le Tiachóga na Céannachta Digití ón Aontas, agus sula mbeidh siad ar fáil, leis an treoirphlean le haghaidh fíorú aoise ar ar féidir feidhmchláir a thógáil, soláthrófar sampla comhlíontachta agus caighdeán tagartha le haghaidh modh fíoraithe aoise atá bunaithe ar fheistí. Moltar sna treoirlínte meastachán aoise i gcásanna eile, amhail nuair a fhorordaítear le téarmaí agus coinníollacha aois íosta níos ísle ná 18 mbliana mar gheall ar rioscaí sainaitheanta do mhionaoisigh.
Dála an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha, glactar cur chuige rioscabhunaithe leis na treoirlínte, lena n-aithnítear go bhféadfadh cineálacha éagsúla rioscaí a bheith ag baint le hardáin ar líne do mhionaoisigh, ag brath ar a gcineál, a méid, a gcuspóir agus a mbonn úsáideoirí. Cumhdaítear leis na treoirlínte cur chuige sábháilteachta agus príobháideachais trí dhearadh agus tá siad bunaithe ar chearta leanaí. Ba cheart d’ardáin a áirithiú nach gcuirfidh na bearta a dhéanfaidh siad srian díréireach ná míchuí ar chearta leanaí.
Úsáidfidh an Coimisiún na treoirlínte sin chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh Airteagal 28(1) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Feidhmeoidh siad mar phointe tagartha chun a sheiceáil an gcomhlíonann ardáin ar líne a cheadaíonn do mhionaoisigh iad a úsáid na caighdeáin is gá agus féadfaidh siad rialtóirí náisiúnta a chur ar an eolas ina ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin. Mar sin féin, tá sé deonach na treoirlínte seo a leanúint agus ní ráthaíonn sé comhlíonadh go huathoibríoch. Forbraíodh na treoirlínte tar éis próiseas cuimsitheach lena n-áirítear:
- Aiseolas a bailíodh trí ghlao ar fhianaise
- Ceardlanna le páirtithe leasmhara a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus i mí an Mheithimh 2025, rannpháirtíocht le saineolaithe
- Comhairliúchán poiblí spriocdhírithe
- Rannpháirtíocht le leanaí agus le daoine óga
- Cruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Sheirbhísí Digiteacha laistigh dá mheitheal maidir le mionaoisigh a chosaint