
Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), is féidir eagraíochtaí a bhfuil saineolas agus inniúlacht speisialaithe acu maidir le cineálacha sonracha áirithe ábhair neamhdhleathaigh ar líne a shainaithint a ainmniú mar chomharthóirí iontaofa . Ceanglaítear ar ardáin tosaíocht a thabhairt don athbhreithniú ar fhógraí maidir le hábhar neamhdhleathach ó chomharthóirí iontaofa ina réimse saineolais ainmnithe. Chun soiléireacht a áirithiú maidir leis an gcaoi a n-oibríonn an sásra sin, d’fhorbair an Coimisiún treoirlínte maidir le comharthóirí iontaofa.
Tá dhá chuspóir ag na treoirlínte seo:
- Cúnamh a thabhairt do sholáthraithe ardán ar líne agus do Chomhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha i gcur i bhfeidhm Airteagal 22(2), (6) agus (7) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha, go háirithe a mhéid a bhaineann le stádas mar chomharthóir iontaofa a dhámhachtain, a chur ar fionraí agus a chúlghairm.
- Treoir léirmhínitheach bhreise a sholáthar maidir leis na hoibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe ardán ar líne, comharthóirí iontaofa agus DSCanna a leagtar síos in Airteagal 22(1), (3) agus (4) den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Áirítear leis sin treoir maidir leis na bearta teicniúla agus eagraíochtúla atá le glacadh ag soláthraithe ardán ar líne, chun a áirithiú go dtabharfar tosaíocht d’fhógraí arna gcur isteach ag comharthóirí iontaofa, ag gníomhú dóibh laistigh dá réimsí ainmnithe saineolais, agus go bpróiseálfar iad agus go gcinnfear iad gan moill mhíchuí.
A mhéid a bhaineann leis na ceanglais tuairiscithe is infheidhme maidir le comharthóirí iontaofa agus DSCanna, mínítear sna treoirlínte freisin an cineál faisnéise a mheasann an Coimisiún ba cheart do chomharthóirí iontaofa a áireamh ina dtuarascálacha maidir le fógraí a chuirtear isteach. Míníonn siad freisin cén cineál faisnéise ba cheart do DSCanna a chur in iúl don Choimisiún nuair a bhronnann siad stádas comharthóra iontaofa ar eintiteas.
Tá comhairliúchán spriocdhírithe seolta ag an gCoimisiún freisin, rud a thugann deis do pháirtithe leasmhara ábhartha a gcuid léargais a roinnt agus rannchuidiú leis na treoirlínte maidir le comharthóirí iontaofa.