Tugadh rialacha cibearshlándálaan Aontais a tugadh isteach in 2016 cothrom le dáta le Treoir NIS2 a tháinig i bhfeidhm in 2023. Nuachóirigh sé an creat dlíthiúil atá ann cheana chun coinneáil suas le digitiú méadaithe agus timpeallacht bhagartha cibearshlándála atá ag síorathrú. Trí raon feidhme na rialacha cibearshlándála a leathnú chuig earnálacha agus eintitis nua, cuirtear tuilleadh feabhais ar athléimneacht agus acmhainneachtaí freagartha teagmhas na n-eintiteas poiblí agus príobháideach, na n-údarás inniúil agus an Aontais ina iomláine.
Leis an Treoir maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais (Treoir NIS2) ,cuirtear bearta dlíthiúla ar fáil chun borradh a chur faoi leibhéal foriomlán na cibearshlándála san Aontas tríd an méid seo a leanas a áirithiú:
- Ullmhacht na mBallstát, trína cheangal go mbeidh siad feistithe go hiomchuí. Mar shampla, le Foireann Freagartha do Theagmhais a bhaineann le Slándáil Ríomhairí (CSIRT) agus údarás inniúil náisiúnta líonra agus córas faisnéise (NIS),
- comhar i measc na mBallstát uile, trí Ghrúpa Comhair a chur ar bun chun tacú le comhar straitéiseach agus malartú faisnéise i measc na mBallstát agus chun an comhar sin a éascú.
- cultúr slándála thar earnálacha atá ríthábhachtach dár ngeilleagar agus dár sochaí agus atá ag brath go mór ar TFCanna, amhail fuinneamh, iompar, uisce, baincéireacht, bonneagair an mhargaidh airgeadais, cúram sláinte agus bonneagar digiteach.
Na gnólachtaí atá sainaitheanta ag na Ballstáit mar oibreoirí seirbhísí fíor-riachtanacha sna hearnálacha thuasluaite, beidh orthu bearta slándála iomchuí a dhéanamh agus fógra a thabhairt do na húdaráis náisiúnta ábhartha faoi theagmhais thromchúiseacha. Beidh ar phríomhsholáthraithe seirbhíse digití, amhail innill chuardaigh, seirbhísí néalríomhaireachta agus margaí ar líne, na ceanglais slándála agus fógra faoin Treoir a chomhlíonadh.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór
Oibríonn an tAontas Eorpach i réimsí éagsúla chun an chibear-athléimneacht a chur chun cinn, chun ár gcumarsáid agus ár sonraí a chosaint agus chun an tsochaí agus an geilleagar ar líne a choinneáil slán.
Léargas níos doimhne
The Commission, together with European Union Agency for Network and Information Security, works closely with the Member States to ensure the NIS Directive's transposition into national legislation.
Bunaíodh an Grúpa Comhair um Chórais Líonra agus Faisnéise leis an Treoir maidir le slándáil gréasán agus faisnéise chun comhar agus malartú faisnéise a áirithiú i measc na mBallstát.
Féach freisin
Le Gníomh Cibear-Dlúthpháirtíochta an Aontais, cuirfear feabhas ar ullmhacht, brath agus freagairt ar theagmhais chibearshlándála ar fud an Aontais.
Le rialacha nua cibearshlándála an Aontais, cinntítear crua-earraí agus bogearraí níos sábháilte.
Oibreoirí Seirbhísí Riachtanacha (OES), Údaráis Náisiúnta um Dheimhniú Cibearshlándála (NCCAS) agus na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta (NCAnna) le haghaidh na cibearshlándála, tá siad i measc na n-iarratasóirí roghnaithe a gheobhaidh maoiniú EUR 11 mhilliún ó ghlao cibearshlándála na...
Cuidíonn an Líonra Eorpach um Chibearshlándáil agus an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála leis an Aontas acmhainneachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha cibearshlándála a choinneáil agus a fhorbairt.
Bunaíodh Grúpa na nGeallsealbhóirí um Dheimhniú Cibearshlándála chun comhairle a chur ar fáil maidir le saincheisteanna straitéiseacha a bhaineann le deimhniú cibearshlándála.
Leis an nGníomh um Chibearshlándáil, neartaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) agus bunaítear creat um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí agus seirbhísí.
Le creat an Aontais um dheimhniú cibearshlándála do tháirgí TFC, is féidir scéimeanna deimhniúcháin de chuid an Aontais atá saincheaptha agus rioscabhunaithe a chruthú.