Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Cearta agus prionsabail dhigiteacha: claochlú digiteach do shaoránaigh an Aontais

Is díol sásaimh don Choimisiún an comhaontú ar thángthas air leis an bParlaimint agus leis an gComhairle maidir leis an dearbhú Eorpach maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha. Leis an dearbhú, a moladh i mí Eanáir, bunaítear pointe tagartha soiléir maidir leis an gcineál claochlaithe dhigitigh duinelárnaigh a dhéanann an tAontas a chur chun cinn agus a chosaint, sa bhaile agus thar lear.

graphic showing a circle with text Your Digital Principles and different icons with a text below the circle At the heart of Europe's digital transformation

European Commission

Cuireann sé le luachanna agus saoirsí lárnacha an Aontais agus rachaidh sé chun tairbhe do gach duine aonair agus do gach gnólacht. Cuirfidh an dearbhú treoir ar fáil freisin do lucht déanta beartas agus do chuideachtaí agus iad ag déileáil le teicneolaíochtaí nua. Dírítear sa dearbhú ar shé phríomhréimse: daoine a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh; dlúthpháirtíocht agus cuimsiú; saoirse rogha; rannpháirtíocht sa saol digiteach; sábháilteacht agus slándáil; agus inbhuanaitheacht.

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach: 

Is éard atá i gceist leis an gclaochlú digiteach a áirithiú go bhfuil na teicneolaíochtaí sábháilte. Go n-oibríonn siad ar mhaithe lenár leasanna agus go n-urramaíonn siad ár gcearta agus ár luachanna. Leanfaidh reachtaíocht an Aontais de thacaíocht a thabhairt do na prionsabail i ndearbhú na gceart digiteach agus na bprionsabal digiteach.

Dúirt an Coimisinéir Thierry Breton

Cinnteoidh an dearbhú maidir le cearta agus prionsabail dhigiteacha gurb í an Eoraip an sprioc atá á lorg ag muintir na mór-roinne chun treoir a fháil maidir leis an gclaochlú digiteach. Cumhdaítear ann luachanna atá á n-oibriú againn cheana féin, amhail nascacht den scoth, rochtain ar sheirbhísí poiblí, agus saol digiteach sábháilte.

Tuilleadh eolais