Comhlíonfaidh soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna a n-oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2022/2065. Ba cheart féachaint ar na treoirlínte sin faoi chuimsiú tacú le soláthraithe VLOPanna agus VLOSEnna chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid faoi Airteagal 35 den Rialachán sin i leith rioscaí do phróisis toghcháin. Sa bhreis ar an oibleagáid bearta maolaithe réasúnta, comhréireacha agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir le rioscaí a bhaineann le próisis toghcháin de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2022/2065, ní mór do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna gach oibleagáid dhlíthiúil eile i Rialachán (AE) 2022/2065 a leanúint a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do thoghcháin. Áirítear orthu sin, ach gan a bheith teoranta dóibh, Airteagail 14 agus 17 maidir le Téarmaí agus Coinníollacha agus Ráiteas ar Chúiseanna, Airteagail 27 agus 38 maidir le Córais Mholtóra, Airteagail 36 agus 48 maidir le Sásraí agus Prótacail Freagartha ar Ghéarchéimeanna, Airteagail 15, 24, 37, 42 maidir le Trédhearcacht agus Iniúchtaí Neamhspleácha, Airteagail 26 agus 39 maidir le Trédhearcacht Fógraíochta ar Líne agus Airteagal 40 maidir le Rochtain ar Shonraí agus Grinnscrúdú Sonraí.
Ghlac an Coimisiún go foirmiúil an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoirlínte do sholáthraithe VLOPanna agus VLOSEnna maidir le rioscaí sistéamacha do phróisis toghcháin a mhaolú an 26 Aibreán 2024. Tá téacs na dréacht-Teachtaireachta ón gCoimisiún faoi iamh mar Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.