Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

Léiríonn tíortha an Aontais an dul chun cinn atá déanta maidir le bearta a dhéanamh chun sábháilteacht iriseoirí a fheabhsú

Léirítear i staidéar nua go bhfuil bearta déanta ag Ballstáit an Aontais chun an Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí a chur chun feidhme.

EU countries show progress in taking measures to improve journalists’ safety

iStock Photo Getty Images +

Braitheann an anailís neamhspleách ar fhianaise a bailíodh ó mhí an Mheithimh go mí na Nollag 2023.

Ó glacadh an Moladh in 2021, tá Plean Gníomhaíochta tiomnaithe (an Danmhairg, an Liotuáin, an tSualainn) glactha ag formhór na mBallstát (19 as 27) nó tá struchtúr nó coiste tiomnaithe cruthaithe acu (an Ghréig, an Laitvia, an Iodáil). Tá rialachas cuimsitheach ag an tromlach freisin a thacaíonn le sábháilteacht iriseoirí nó tá sé beartaithe acu an rialachas sin a chur i bhfeidhm. Mar chuid de na hiarrachtaí sin, áirítear ar ghníomhaíochtaí nithiúla na mBallstát Tascfhórsaí a bhunú, nó Meabhráin Tuisceana agus prótacail a shíniú maidir leis an gcomhar idir iriseoirí agus fórsaí póilíneachta, mar shampla.

Fuarthas amach sa staidéar freisin go bhfuil bearta i bhfeidhm ag roinnt tíortha de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht ar líne (9 dtír) agus chun iriseoirí ban, chomh maith le hiriseoirí ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus iad siúd a thuairiscíonn ar shaincheisteanna comhionannais (14 thír), a chumhachtú, ach d’fhéadfaí gníomhaíocht spriocdhírithe bhreise a dhéanamh.

De réir an staidéir, tá formhór na mBallstát chun deiridh maidir le córas faireacháin a bhunú don Mholadh, cé go bhfuil roinnt uirlisí ann chun faireachán a dhéanamh ar shábháilteacht iriseoirí i mbeagnach leath acu. Chun é sin agus an tuairisciú a dhéanann tíortha an Aontais a éascú, moltar sa staidéar creat faireacháin is féidir leo a chur chun feidhme.

Beidh an staidéar ina fhoinse faisnéise don tuarascáil atá ar na bacáin maidir leis an smacht reachta. Úsáidfear é freisin le haghaidh plé leis na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na Moltaí.

Léigh tuilleadh faoi thorthaí an staidéir agus faoi na hachoimrí feidhmiúcháin.

Is féidir leat beartais, maoiniú agus reachtaíocht an Aontais maidir le saoirse agus iolrachas na meán a sheiceáil freisin.

B’fhéidir gur spéis leat ‘Tionscnamh Nuachta’ an Aontais a fhiosrú agus an chaoi a bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas saoirse agus iolrachas na meán a chosaint.