Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú

Tograí nua curtha i láthair ag an gCoimisiún le haghaidh bonneagair dhigiteacha a bheidh ann amach anseo

    Connectivity: Cables on a blue background

iStock Photos Getty Images Plus

Tá sraith gníomhaíochtaí féideartha curtha i láthair ag an gCoimisiún chun nuálaíocht, slándáil agus athléimneacht na mbonneagar digiteach a chothú. Tá sé mar aidhm ag an bpacáiste nascachta digiteach seo tús a chur le plé ar thograí nithiúla le geallsealbhóirí, le Ballstáit agus le comhpháirtithe den mheon céanna maidir le conas beartas an AE amach anseo a mhúnlú. Braitheann iomaíochas gheilleagar na hEorpa amach anseo ar na bonneagair agus na seirbhísí líonra digiteacha ardleibhéil sin, ós rud é go bhfuil nascacht thapa, shlán agus fhorleathan riachtanach chun na teicneolaíochtaí a úsáid a thabharfaidh isteach i saol an lae amárach sinn.