Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

Chuir an Coimisiún tús le himscrúdú domhain ar mhargaí na hEastóine maidir le rochtain ar leathanbhanda mórdhíola

Inniu, chuir an Coimisiún Eorpach tús le himscrúdú domhain ar anailís Rialálaí Teileachumarsáide na hEastóine (ECTRA) ar na margaí mórdhíola leathanbhanda san Eastóin, na margaí rochtana áitiúla agus lárnacha mórdhíola, rud a chuir in iúl gur cúis imní dó sainmhíniú an údaráis rialála náisiúnta ar an margadh geografach ábhartha ar cheart leanúint de bheith á rialú.

Sa Chód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach agus sa Mholadh nua maidir le margaí ábhartha, atá infheidhme ó mhí na Nollag 2020, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé do na húdaráis rialála náisiúnta an margadh geografach ábhartha a shainiú go hiomchuí, trí, inter alia, leibhéal na hiomaíochta bonneagair a chur san áireamh, i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta. 

Go deimhin, molann rialtóir na hEastóine (ECTRA) rialáil ex-ante a bhaint ó dhá bhardas ina bhfuil sciartha margaidh miondíola Telia an-íseal. Mar sin féin, lasmuigh de na réimsí sin, is é conclúid ECTRA gur cheart leanúint de na codanna éagsúla den tír a rialú ar bhealach aonfhoirmeach.

Tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil anailís ar mhéid na hiomaíochta bonneagair i réimsí éagsúla na tíre sa dréachtbheart ar thug ECTRA fógra ina leith agus measann sé, ag an gcéim seo, nach bhfuil dóthain fianaise agus anailíse curtha ar fáil ag ECTRA chun tacú leis an margadh náisiúnta ina iomláine a rialáil, cé is moite den dá bhardas. Ar bhonn na n-eilimintí a chuir ECTRA ar fáil, thug an Coimisiún dá aire difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith suntasach idir ceantair thuaithe agus uirbeacha a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leibhéal na hiomaíochta bonneagarbhunaithe. Mar shampla, i bpríomhchathair Thaillinn, d’éirigh le hoibreoirí malartacha a mbonneagar féin a chur in úsáid agus sciaranna margaidh atá réasúnta ard agus cobhsaí a fháil, ach d’fhéadfadh sé nach amhlaidh an cás i gcodanna eile den tír. Dá bhrí sin, tá an-amhras ar an gCoimisiún maidir le sainmhíniú an mhargaidh gheografaigh. 

Mar thoradh air sin, ceistíonn an Coimisiún cinneadh ECTRA go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh (SMP) ag an oibreoir reatha Telia ar an margadh ábhartha mar atá sainithe ag na NRAnna, ós rud é, dar leis an gCoimisiún, nár bhunaigh ECTRA go leordhóthanach cumas Telia gníomhú go neamhspleách ar a iomaitheoirí agus ar a chustaiméirí ar fud na tíre ar fad agus go háirithe i dTaillinn. Ina theannta sin, tá móramhras ar an gCoimisiún freisin maidir leis an sainmhíniú ar mhargadh na dtáirgí mar atá molta ag ECTRA. 

Ní dhéantar réamhbhreith leis an gcinneadh imscrúdú domhain a oscailt ar cad ba cheart a bheith mar thoradh ar anailís ECTRA. I bhfianaise an méid sin, agus gan réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an measúnú margaidh mar a mhínítear thuas, thug an Coimisiún barúlacha freisin maidir leis na leigheasanna rialála a mhol ECTRA. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún faoi deara gurb annamh a úsáideann oibreoirí malartacha táirgí mórdhíola rialáilte, cé is moite de rochtain ar dhuchtanna. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar ECTRA a áirithiú, i gcás ina n-aimseofaí, ar bhonn anailíse iomchuí, go mbeadh bonn cirt le leigheasanna a fhorchur, gur cheart do ECTRA a gcomhréireacht agus a n-éifeachtacht a áirithiú. D’iarr an Coimisiún freisin ar ECTRA breithniú a dhéanamh ar chur chuige níos solúbtha maidir le praghsanna snáithíní a rialáil i réimsí (neamhiomaíocha) ina bhfuil srianta follasacha ar phraghas miondíola ó oibreoirí, a bhfuil a líonraí féin curtha i bhfeidhm acu.  

Na chéad chéimeanna eile

Tá dhá mhí ag an gCoimisiún chun an dréachtbheart a phlé le ECTRA, i ndlúthchomhar le Comhlacht na Rialtóirí Eorpacha (BEREC). Ag deireadh thréimhse imscrúdaithe Chéim II, féadfaidh an Coimisiún a fhorchoimeádais a tharraingt siar nó cinneadh crosta a eisiúint faoi Airteagal 32 den Chód. Le linn na tréimhse sin, ní bheidh ECTRA in ann beart críochnaitheach a ghlacadh maidir le margaí rochtana mórdhíola araon. 

Beidh an litir ón gCoimisiún lena n-osclaítear an t-imscrúdú domhain ar fáil anseo