Aithníonn an Coimisiún Eorpach a thábhachtaí atá deimhneacht dhlíthiúil agus córas rialála soiléir i réimsí a bhaineann le feidhmchláir bhlocshlabhra-bhunaithe.
Tacaíonn an tAontas go láidir le rialacha uile-Aontais maidir le blocshlabhra chun ilroinnt dhlíthiúil agus rialála a sheachaint. Ghlac an Coimisiún pacáiste cuimsitheach de thograí reachtacha chun criptea-shócmhainní a rialáil chun infheistíochtaí a mhéadú agus chun cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí a áirithiú.
Leis an bpacáiste seo, nuashonraítear rialacha áirithe maidir leis an margadh airgeadais le haghaidh criptea-shócmhainní, agus cruthaítear creat dlíthiúil le haghaidh boscaí gainimh rialála maoirseoirí airgeadais san Aontas chun blocshlabhraí a úsáid i dtrádáil agus iarthrádáil urrús.
Euro digiteach
Tá athbhreithniú comhpháirteach á dhéanamh ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) agus ag seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh ar réimse leathan ceisteanna beartais, dlíthiúla agus teicniúla a bhaineann leis an bhféidearthacht Euro digiteach a thabhairt isteach. Tá an méid sin á mheas acu i gcomhthéacs a sainorduithe agus a neamhspleáchais faoi seach dá bhforáiltear sna Conarthaí.
I ráiteas comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó BCE, leagadh amach an comhar eatarthu maidir le Euro digiteach.
Togra le haghaidh dlí nua de chuid an Aontais maidir le criptea-shócmhainní
Bhí criptea-shócmhainní a cháilíonn mar ‘ionstraimí airgeadais’ faoin Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais faoi réir reachtaíocht an Aontais maidir le margaí urrús roimhe seo.
Mar sin féin, bhí na rialacha sin ann roimh theacht chun cinn criptea-shócmhainní agus DLT. D’fhéadfadh sé sin bac a chur ar an nuálaíocht. Mar sin, mhol an Coimisiún córas píolótach le haghaidh bonneagair mhargaidh ar mian leo iarracht a dhéanamh idirbhearta in ionstraimí airgeadais i bhfoirm criptea-shócmhainní a thrádáil agus a shocrú. Leis an gcóras píolótach, ceadaítear díolúintí ó na rialacha atá ann cheana agus ceadaítear do rialtóirí agus do chuideachtaí réitigh nuálacha a thástáil trí úsáid a bhaint as blocshlabhra.
Maidir le criptea-shócmhainní nach gcáilíonn mar ‘ionstraimí airgeadais’ amhail comharthaí fóntais nó comharthaí íocaíochta, mhol an Coimisiún creat sonrach nua. Thiocfadh an creat sin in ionad na rialacha uile eile de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta eile lena rialaítear eisiúint, trádáil agus stóráil na gcriptea-shócmhainní sin faoi láthair.
Leis an Rialachán maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCA), tacófar leis an nuálaíocht agus, ag an am céanna, cosnófar tomhaltóirí agus sláine malartuithe criptea-airgeadra. Áirítear leis sin rialacha amhail gan aon trádáil chos istigh ná aon rith chun tosaigh. Cumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe eintitis a eisíonn criptea-shócmhainní, gnólachtaí a sholáthraíonn seirbhísí maidir leis na criptea-shócmhainní sin, gnólachtaí a oibríonn tiachóga digiteacha, agus malartuithe criptea-airgeadra.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar phreaseisiúint an Choimisiúin agus ar an meabhrán preasa a ghabhann léi .
Bosca gainimh rialála blocshlabhra uile-Eorpach
Is saoráid é bosca gainimh a thugann rialtóirí, cuideachtaí agus saineolaithe teicneolaíochta le chéile chun réitigh nuálacha a thástáil agus chun bacainní a thagann chun cinn maidir lena n-imscaradh a shainaithint.
Tá bosca gainimh rialála uile-Eorpach á phleanáil ag an gComhpháirtíocht Eorpach Blocshlabhra i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach le haghaidh cásanna úsáide in EBSI agus lasmuigh de EBSI, lena n-áirítear le haghaidh iniomparthacht sonraí, spásanna sonraí gnólacht le gnólacht, conarthaí cliste, agus céannacht dhigiteach. Cumhdófar leis sin earnálacha lena n-áirítear an tsláinte, an comhshaol, an tsoghluaisteacht, fuinneamh agus tuilleadh nach iad. Táthar ag súil go mbeidh an bosca gainimh ag feidhmiú in 2021/22.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór



