Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Cuimsiú digiteach

Is iarracht uile-Aontais é an cuimsiú digiteach chun a chinntiú gur féidir le gach duine rannchuidiú leis an saol digiteach agus tairbhe a bhaint as. 

Gach lá, bainimid úsáid as an domhan digiteach chun raon tascanna a dhéanamh. Is féidir linn an tIdirlíon agus teicneolaíochtaí nua a úsáid chun oibriú ónár dtithe, scileanna nua a fhoghlaim, féachaint ar an teilifís agus ar scannáin, agus an nuacht is déanaí a fháil amach le cliceáil cnaipe.  

Go deimhin, thug an t-aistriú chuig an domhan digiteach go leor deiseanna nua spreagúla dúinn. Mar sin féin, níl rochtain chomhionann ag gach duine ar na deiseanna seo. I gcás roinnt daoine, níl an domhan digiteach inrochtana go hiomlán fós. Maidir le daoine eile, níl sé inacmhainne. Agus níor múineadh na scileanna do dhaoine eile chun páirt iomlán a ghlacadh.  

Tá an tAontas ag obair chun an saol ar líne a dhéanamh níos inrochtana do chách, i ngach áit, le gníomhaíochtaí:

  • Inrochtaineacht gréasáin: TFC a dhéanamh níos inrochtana do chách, go háirithe dóibh siúd atá faoi mhíchumas, agus forbairt teicneolaíochtaí inrochtana a chothú; 
  • Scileanna digiteacha: lucht saothair éagsúil agus cumasach a fheabhsú, trí TFC san Oideachas agus rannpháirtíocht na mban in TFC agus i réimsí eile na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) a chothú;
  • Bacainní teanga: Is féidirle teicneolaíochtaí teanga a shárú an barrachas de Béarla ar líne. Tá ár n-uirlisí teanga saor in aisce don earnáil phoiblí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, do FBManna agus don saol acadúil ar fud an Aontais;
  • Nascacht: tá gá le nascacht iontaofa, thapa agus shlán do gach duine agus i ngach áit san Aontas, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla agus réigiúin inar tearc an daonra, chomh maith leis na réigiúin is forimeallaí. Faoi 2030, ba cheart líonraí ar luas gigighiotáin a bheith ar fáil dóibh siúd a bhfuil toilleadh den sórt sin de dhíth orthu nó ar mian leo é a bheith acu: 
  • Rochtain: cuireann an tionscnamh WiFi4EU rochtain saor in aisce ar fáil ar nascacht Wi-Fi i spásanna poiblí, páirceanna, cearnóga agus foirgnimh phoiblí i mbardais ar fud na hEorpa san áireamh.

Léirítear an réasúnaíocht atá taobh thiar de thionscnaimh an Aontais maidir leis an gcuimsiú digiteach sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, Caibidil II – Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú: ‘Ba cheart an teicneolaíocht a úsáid chun daoine a thabhairt le chéile seachas iad a roinnt. Ba cheart go rannchuideodh an claochlú digiteach le sochaí agus geilleagar cothrom agus cuimsitheach san Aontas.”

An Nuacht is Déanaí

Executive Vice-Presidents Virkkunen and Mînzatu reward actions to strengthen Europeans' digital skills at European Digital Skills Awards
  • Press release
  • 12 Samhain 2025

An 12 Samhain, freastalaíonn an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Theicneolaíoch, Slándáil agus Daonlathas Henna Virkkunen agus an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chearta Sóisialta agus Scileanna, Poist Ardchaighdeáin agus Ullmhacht Roxana Mînzatu ar na Gradaim Scileanna Digiteacha, ag ceiliúradh cuir chuige nuálacha chun scileanna digiteacha a neartú san Aontas.

neon-blue illustration depicts a central computer screen displaying a world map and data visualizations. Various digital icons representing concepts like marketing, e-commerce, security, and analytics float around the screen, connected by glowing lines.
  • News article
  • 27 Meitheamh 2025

An 28 Meitheamh, tháinig an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta (EAA) i bhfeidhm san Aontas Eorpach. Ón lá sin ar aghaidh, ní mór príomhtháirgí agus príomhsheirbhísí amhail fóin, ríomhairí, ríomhleabhair, seirbhísí baincéireachta agus cumarsáid leictreonach a bheith inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.

Ábhar Gaolmhar

Léargas níos doimhne

Foghlaim tuilleadh

Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach do straitéis dhigiteach an Aontais chun ceannasacht...