Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

An ‘Tionscnamh Nuachta’

Tá timpeallacht meán atá saor, inmharthana agus iolraíoch ríthábhachtach chun saoránaigh a choinneáil ar an eolas, chun cumhacht a choinneáil cuntasach, agus chun sochaithe oscailte daonlathacha a neartú.

InaPhlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc,chinn an Coimisiún ‘tionscnamh nuachta’ a sheoladh, lena gcumhdófar gníomhaíochtaí atá ann cheana agus gníomhaíochtaí nua agus tacaíocht d’earnáil na meán nuachta.

Leis an tionscnamh seo, féachtar ar na dúshláin atá roimh thionscal na meán nuachta agus féachtar le freagairt chomhleanúnach a thabhairt, lena dtugtar le chéile ionstraimí éagsúla beartais agus maoinithe faoi bhratach choiteann.

Tacaíonn an Coimisiún leis na meáin nuachta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

Nascleanúint trí na cluaisíní chun tuilleadh sonraí a fháil.

Saoirse agus iolrachas na meána chosaint

Is dhá phrionsabal iad saoirse agus iolrachas na meán a chumhdaítear sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha, agus tá ról ag an gCoimisiún iad a chaomhnú.

  • FaoinbPlean Gníomhaíochta um anDaonlathas Eorpach,d’fhoilsigh an Coimisiún Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus oibrithe eile sna meáin in 2021. Tá gníomhaíochtaí tacaíochta á gcur ar fáil aige freisin, amhail faireachán a dhéanamh ar iolrachas agus úinéireacht na meán, comhairle dhlíthiúil a chur ar fáil d’iriseoirí, agus caighdeáin cháilíochta na meán agus féinrialáil a spreagadh.
  • Chun na gníomhaíochtaí sin agus na rialacha atá ann faoi láthair sna meáin a chomhlánú, d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2022 a thogra le haghaidh an Ghnímh Eorpach um Shaoirsena Meán,sraith nua rialacha chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a chosaint ar fud an Mhargaidh Aonair. Tá Moladh ag gabháil leis an ngníomh seo chun coimircí inmheánacha a spreagadh le haghaidh neamhspleáchas eagarthóireachta.
  • Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún seasamh nagcomhairlí preasa agus meán a neartú agus cuidiú le caighdeáin dhionteolaíocha a fhorbairt tuilleadh. Ina theannta sin, tugannsásra mearfhreagarthasáruithe ar shaoirse an phreasa agus na meán chun tosaigh, agus cuireann sé cabhair phraiticiúil ar fáil d’iriseoirí atá faoi bhagairt, lena n-áirítear uirlisí nithiúla amhail comhairle agus tacaíocht dlí chomh maith le dídean agus cúnamh lóistíochta a chur ar fáil.
  • CothaíonnCóras Faireacháin um Úinéireachtna Meán afhaigheann tacaíocht ón Aontas bunachar sonraí tírbhunaithe ina bhfuil faisnéis maidir le húinéireacht na meán agus measúnú córasach ar na creataí dlíthiúla ábhartha agus ar na rioscaí do thrédhearcacht úinéireacht na meán araon.
  • Tar éis dó tacú le mapáil fhásaigh na meán nuachta ar fud an Aontais, tá an Coimisiún ag leithdháileadh cistiú in 2023 chun tacú le hearnálacha na meán nuachta a bhfuil ábharthacht ar leith acu don daonlathas, amhail na meáin áitiúla agus réigiúnacha, na meáin phobail agus an iriseoireacht iniúchach.

Athléimneacht na meán a fheabhsú

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún tacú le claochlú agus iomaíochas earnáil na meán nuachta.

  • Is é is aidhm dó rochtain níos fearr ar mhaoiniú a éascú trí dhá ghníomhaíocht:
    • Ar thaobh amháin, trí rochtain ar fhiachas, le tacaíocht óráthaíochtaí InvestEU,ag cur le rathShaoráid Ráthaíochta Earnálacha anChultúir agus na Cruthaitheachta (CCSGF) lena ndéantar rochtain ar mhaoiniú níos éasca do na meáin nuachta.
    • Ar an taobh eile,trí ionstraimí cothromais, tá an Coimisiún ag obair le fondúireachtaí agus le hinfheisteoirí daonchairdiúla faoi InvestEU chun sineirgí a lorg i réimsí a bhfuil ardluach sochaíoch ag baint leo, lena n-áirítear tacaíocht don daonlathas agus do na meáin nuachta.

Tacú le nuálaíocht sna meáin

Ní mór do chuideachtaí meán nuachta Eorpacha bealaí nua a aimsiú chun a bheith níos iomaíche, chun ioncam a mhéadú agus chun a dtairiscint a fheabhsú.

Rannpháirtíocht sna meáin a spreagadh

Is mian leis an gCoimisiún réimse poiblí bríomhar éagsúil a spreagadh, ina mbeidh rochtain ag saoránaigh ar fhaisnéis iontaofa, lena n-áirítear faisnéis faoi ghnóthaí an Aontais.

  • Tá sé d’aidhm ag an Aontas Eorpach, trínaGhníomhaíochtaí Ilmheán, eolas neamhspleách a chur ar fáil do shaoránaigh faoi ábhair Eorpacha seachas ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Tugtar tacaíocht do na cineálacha gníomhaíochtaí seo a leanas: an cainéal teilifíse Euronews, clúdach ghnóthaí an Aontais trí líonra raidió, nuacht sonraíbhunaithe faoi ghnóthaí an Aontais, agus ábhar ilteangach ar fud ardáin Eorpacha.
  • Chun feabhas a chur ar rochtain ar fhaisnéis don lucht féachana óg, tacaíonn an Coimisiún letionscadail nuachta nuálacha tharraingteacha a fhorbairtd’Eorpaigh óga. Déanann tionscadailábhar a chuireann le smaointe a tháirgeadh agus a dháileadh ar bhonn laethúil, ag taispeáint tuairimí éagsúla, i bhformáidí tarraingteacha don óige.
  • Ina theannta sin, tacaíonn an Coimisiún le gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin, amhail foilsiú a Threoirlíntemaidir le Litearthacht sna Meáin,Bosca Uirlisí um Litearthacht sna Meáina fhoilsiú i gcomhar le Grúpa Eorpach na Rialálaithe Closamhairc (ERGA),Seachtain Eorpach naLitearthachta sna Meáin agus maoiniú do thionscadail litearthachta sna meáin, chun cabhrú le saoránaigh de gach aois dul tríd an timpeallacht nuachta nua-aimseartha agus chun gur fearr a bheidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar bhagairtí na bréagaisnéise.

Teagmháil a dhéanamh le hearnáil na meán

Téann an Coimisiún i mbun malartuithe rialta le tionscal na meán nuachta chun tuiscint níos fearr a fháil ar a thosaíochtaí agus a dhúshláin agus chun oibriú i dtreo clár oibre nuálaíochta do na meáin nuachta.

  • Tá an Coimisiún ag tacú leFéile Eorpach Iriseoireachta agus Litearthachta Faisnéise do na Meáina eagrú a bheidh dírithe ar idirphlé, comhar agus comhpháirtíocht san Aontas a threisiú i measc iriseoirí, eagraíochtaí meán lena n-áirítear meáin na seirbhíse poiblí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus gairmithe litearthachta sna meáin.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

European Media and Audiovisual Action Plan

The Media and Audiovisual Action Plan (MAAP) aims to boost European media and help maintain European cultural and technological autonomy in the Digital Decade.

Féach freisin