Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha Eorpacha

Leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha, cuirtear chun cinn aistriú digiteach atá múnlaithe ag luachanna Eorpacha.

Is mian leis an Aontas daoine a chumhachtú chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna atá á dtabhairt leis an aistriú digiteach. Tá sraith de chearta agus prionsabail dhigiteacha glactha aici lena léirítear luachanna an Aontais agus lena gcuirtear chun cinn fís duinelárnach, shlán agus inbhuanaithe don chlaochlú digiteach. Áirítear sa Dearbhú freisin gealltanais go ngníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i roinnt ábhair dhigiteacha.

fix-empty

Shínigh Uachtarán an Choimisiúin, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, rud a léiríonn ardleibhéal thiomantas polaitiúil an Aontais agus na mBallstát na cearta agus na prionsabail a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm.

Cuireann an Dearbhú go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus meabhraítear ann na cearta is ábhartha sa chlaochlú digiteach, amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, cosaint sonraí agus príobháideachas. Tá na cearta agus na prionsabail dhigiteacha bunaithe freisin ar reachtaíocht agus ar bheartais an Aontais, rud a fhágann go bhfuil siad an-dáiríre agus inláimhsithe do shaoránaigh.

Leis an Dearbhú, geallann an tAontas agus na Ballstáit go ngníomhóidh siad agus go gcuirfidh siad chun cinn an fhís dhuinelárnach sin den chlaochlú digiteach sa bhaile agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Déanann an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na gceart digiteach agus na bprionsabal digiteach ar fud an Aontais. 

 

Tá na prionsabail bunaithe ar 6 théama:

  1. Daoine agus a gcearta a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh
  2. Tacú leis an dlúthpháirtíocht agus leis an gcuimsiú
  3. Saoirse rogha a chinntiú ar líne
  4. Rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach a chothú
  5. Sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú daoine aonair a mhéadú (go háirithe daoine óga)
  6. Inbhuanaitheacht na todhchaí digití a chur chun cinn

 

fix-empty

Daoine a chur i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh

Ba cheart don teicneolaíocht freastal ar gach duine atá ina gcónaí san Aontas agus dul chun tairbhe dóibh agus iad a chumhachtú chun a mianta a shaothrú. Níor cheart go sáródh sé a slándáil ná a gcearta bunúsacha. 

Geallann an tAontas agus a Bhallstáit go n-áiritheoidh siad go rachaidh an claochlú digiteach chun tairbhe do chách agus go bhfeabhsóidh sé saol gach duine atá ina gcónaí san Aontas. Glacann siad bearta chun a chinntiú go n-urramaítear ár gcearta ar líne agus as líne agus cuireann siad an cur chuige sin chun cinn sa bhaile agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. 

Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú

Tá rochtain uilíoch ar theicneolaíocht chuimsitheach a sheasann le cearta an Aontais ríthábhachtach. Ba cheart do gach duine: 

  • rochtain a bheith acu ar nascachtdhigiteach inacmhainne ardluais
  • a bheith in ann an t-oideachas agus na scileanna is gá a fháil chun leas a bhaint as tairbhí na teicneolaíochta digití
  • dálaí oibre cothroma agus córa a bheith acu
  • rochtain a bheith acu ar phríomhsheirbhísí poiblí digiteacha

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit gan aon duine a fhágáil ar lár, tacú leis na hiarrachtaí chun na hinstitiúidí oideachais agus oiliúna uile a fheistiú, an ceart chun dícheangail ón obair a áirithiú, agus céannacht dhigiteacha sholáthar lena dtugtar rochtain ar raon leathan seirbhísí ar líne.

Saoirse rogha

Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag gach duine a roghanna eolasacha féin a dhéanamh ar líne. Áirítear leis sin agus idirghníomhú á dhéanamh le córais intleachta saorga, ar cheart dóibh a bheith ina n-uirlis do dhaoine, agus é mar aidhm dheiridh folláine an duine a mhéadú. 

Geallann an tAontas agus na Ballstáit go háirithe córais intleachta saorga atá duinelárnach, iontaofa agus eiticiúil a chur chun cinn, ar córais iad a úsáidtear ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le luachanna an Aontais.

Áirítear le saoirse rogha freisin a bheith saor chun na seirbhísí ar líne a úsáidimid a roghnú, bunaithe ar fhaisnéis oibiachtúil, thrédhearcach agus iontaofa. Is éard atá i gceist leis sin, dá réir sin, a chinntiú go mbeidh sé de chumhacht ag gnólachtaí dul san iomaíocht agus nuáil a dhéanamh sa saol digiteach.

Rannpháirtíocht sa spás poiblí digiteach

Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine ar thimpeallacht iontaofa, éagsúil agus ilteangach ar líne agus ba cheart go mbeadh a fhios acu cé leis na seirbhísí atá á n-úsáid acu nó cé a rialaíonn iad. Spreagann sé sin díospóireacht phoiblí iolraíoch agus rannpháirtíocht sa daonlathas.  

Leagtar béim sa Dearbhú freisin ar an ngá atá le timpeallacht dhigiteach a chruthú lena gcosnófar daoine ar bhréagaisnéis, ar ionramháil faisnéise agus ar chineálacha eile ábhair dhíobhálaigh, lena n-áirítear ciapadh agus foréigean inscnebhunaithe. Aithníonn sé ról na n-ardán an-mhór ar líne sa chomhthéacs sin agus iarrann sé orthu na rioscaí a eascraíonn as feidhmiú agus úsáid a gcuid seirbhísí a mhaolú. 

Geallann an tAontas agus na Ballstáit go háirithe go dtacóidh siad le rochtain éifeachtach ar ábhar digiteach lena léirítear éagsúlacht chultúrtha agus teanga san Aontas. 

Sábháilteacht, slándáil agus cumhachtú

Ba cheart rochtain a bheith ag gach duine ar theicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí digiteacha atá sábháilte, slán agus cosanta ó thaobh príobháideachais de. Geallann an tAontas agus na Ballstáit go háirithe leasanna daoine, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí a chosaint ar an gcibearchoireacht, agus a áirithiú go mbeidh smacht éifeachtach ag gach duine ar a gcuid sonraí pearsanta agus neamhphearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais. 

Ba cheart leanaí agus daoine óga a chumhachtú chun roghanna sábháilte agus eolasacha a dhéanamh agus a gcruthaitheacht a chur in iúl sa timpeallacht dhigiteach. Geallann an tAontas agus na Ballstáit freisin eispéiris dhearfacha a chur chun cinn do leanaí agus do dhaoine óga i dtimpeallacht dhigiteach atá oiriúnach ó thaobh aoise de agus sábháilte, agus iad a chosaint ar ábhar díobhálach agus neamhdhleathach, ar dhúshaothrú, ar ionramháil agus ar mhí-úsáid ar líne. 

Inbhuanaitheacht

Tá dlúthnasc idir an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas. Cé go gcuireann teicneolaíochtaí digiteacha go leor réiteach ar an athrú aeráide ar fáil, ní mór dúinn a chinntiú nach gcuirfidh siad leis an bhfadhb iad féin. Ba cheart táirgí agus seirbhísí digiteacha a dhearadh, a tháirgeadh agus a dhiúscairt ar bhealach inbhuanaithe. 

Geallann an tAontas agus na Ballstáit go dtacóidh siad le teicneolaíochtaí digiteacha gan ach fíorbheagán éifeachtaí diúltacha comhshaoil agus sóisialta a bheith acu. Is é an aidhm atá ann teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn a bhfuil tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, rud a chuirfidh leis an aistriú glas. Geallann siad freisin caighdeáin agus lipéid inbhuanaitheachta a chur chun cinn le haghaidh táirgí agus seirbhísí digiteacha, chun tuilleadh faisnéise a sholáthar do dhaoine maidir lena dtionchar ar an gcomhshaol. 

 

 

Leis an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, tugtar nasc do shaoránaigh le dlíthe agus beartais dhigiteacha an Aontais, toisc go léirítear leis treo taistil an Aontais ar a thuras i dtreo an chlaochlaithe dhigitigh.

Déanann an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na gceart digiteach agus na bprionsabal digiteach ar fud an Aontais agus foilsíonn sé a fhaireachán in éineacht leis an Tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití. Is é is aidhm don tuarascáil faireacháin a thaispeáint cé mhéad a fhanann an tAontas agus na Ballstáit ar an gcúrsa le linn an turais sin. Trí dhea-chleachtais na mBallstát, tá sé d’aidhm aige gníomhaíocht bhreise a spreagadh ar fud an Aontais.

Treoraíonn an Dearbhú an tAontas ina chaidreamh idirnáisiúnta freisin, rud a chuidíonn le claochlú digiteach domhanda a mhúnlú lena gcuirtear daoine agus cearta an duine i gcroílár an chlaochlaithe sin.

Tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún tuairisc rialta a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an Dearbhú a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Tá tuarascáil 2025, le tacaíocht ó staidéar neamhspleách, ar fáil anois.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

Tá fís inbhuanaithe dhuinelárnach á saothrú ag an Aontas don tsochaí dhigiteach le linn na deacáide digití chun saoránaigh agus gnólachtaí a chumhachtú.

Leathanach eolais faoin Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha