Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Cur chuige Eorpach i leith na hintleachta saorga

The EU’s approach to artificial intelligence centers on excellence and trust, aiming to boost research and industrial capacity while ensuring safety and fundamental rights.

    Inchinn dhigiteach

© iStock by Getty Images - 1139760401 peshkov

 

Is é an bealach a dtabharfaimid aghaidh ar an Intleacht Shaorga (IS) a shaineofar an domhan ina mairimid amach anseo. Chun cuidiú le hEoraip athléimneach a thógáil don Deacáid Dhigiteach, ba cheart go mbeadh daoine agus gnólachtaí in ann tairbhe a bhaint as tairbhí na hintleachta saorga agus iad ag mothú sábháilte agus cosanta ag an am céanna.

Is é is aidhm don Straitéis Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga mol den chéad scoth don intleacht shaorga a dhéanamh den Aontas Eorpach agus a áirithiú go mbeidh IS duinelárnach agus iontaofa. Is é an toradh atá ar chuspóir den sórt sin ná an cur chuige Eorpach i leith barr feabhais agus muiníne trí rialacha agus gníomhaíochtaí nithiúla.

I mí Aibreáin 2021, thíolaic an Coimisiún a phacáiste intleachta saorga, lena n-áirítear:

Cur chuige Eorpach i leith barr feabhais san intleacht shaorga

Trí bharr feabhais a chothú san intleacht shaorga, neartófar acmhainneacht na hEorpa dul san iomaíocht ar fud an domhain.

Bainfidh an tAontas an méid sin amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. forbairt agus glacadh IS san Aontas a chumasú;
  2. an tAontas Eorpach a bheith ina áit ina mbeidh rath ar IS ón tsaotharlann go dtí an margadh;
  3. a áirithiú go n-oibríonn IS do dhaoine agus go mbeidh sí ina fórsa ar mhaithe leis an tsochaí;
  4. ceannaireacht straitéiseach a fhorbairt in earnálacha ardtionchair.

Chomhaontaigh an Coimisiún agus na Ballstáit borradh a chur faoin sármhaitheas san intleacht shaorga trí dhul i gcomhar le chéile maidir le beartais agus infheistíochtaí. In athbhreithniú 2021 ar an bPlean Comhordaithe maidir leis an Intleacht Shaorga, leagtar amach fís chun dlús a chur le tosaíochtaí, chun gníomhú agus chun iad a ailíniú leis an tírdhreach intleachta saorga Eorpach agus domhanda atá ann faoi láthair agus straitéis IS a chur i ngníomh.

Is gné ríthábhachtach de bharr feabhais na hintleachta saorga é acmhainní a uasmhéadú agus infheistíochtaí a chomhordú. Tríd an gclár Fís Eorpach agus an clár don Eoraip Dhigiteach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún EUR 1 bhilliún a infheistiú in aghaidh na bliana san intleacht shaorga. Cuirfidh sé infheistíochtaí breise ón earnáil phríobháideach agus ó na Ballstáit ar fáil chun méid bliantúil infheistíochta de EUR 20 billiún a bhaint amach le linn na ndeich mbliana digiteacha.

Leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, cuirtear EUR 134 billiún ar fáil don earnáil dhigiteach. Beidh athrú ó bhonn ag teacht ar an méid sin, rud a chuirfidh ar chumas na hEorpa a huaillmhianta a mhéadú agus a bheith ina ceannaire domhanda maidir le IS ceannródaíoch iontaofa a fhorbairt.

Is gné riachtanach í rochtain ar shonraí ardcháilíochta chun córais láidre intleachta saorga ardfheidhmíochta a thógáil. Cuireann tionscnaimh amhail Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh, an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha, agus an Gníomh um Rialachas Sonraí an bonneagar ceart ar fáil chun na córais sin a thógáil.

Cur chuige Eorpach maidir le hiontaoibh san intleacht shaorga

Trí IS iontaofa a thógáil, cruthófar timpeallacht shábháilte a bheidh fabhrach don nuálaíocht d’úsáideoirí, d’fhorbróirí agus d’imlonnóirí.

Tá 3 thionscnamh dlí idirghaolmhara molta ag an gCoimisiún a chuideoidh le IS iontaofa a fhorbairt:

  1. creat dlíthiúil Eorpach le haghaidh IS chun aghaidh a thabhairt ar chearta bunúsacha agus rioscaí sábháilteachta a bhaineann go sonrach leis na córais intleachta saorga;
  2. creat dliteanais shibhialta — rialacha dliteanais a chur in oiriúint don ré dhigiteach agus don intleacht shaorga;
  3. athbhreithniú ar reachtaíocht sábháilteachta earnála (e.g. an Rialachán maidir le hInnealra, an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí).

Togra Eorpach le haghaidh creat dlíthiúil maidir leis an intleacht shaorga

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a ghintear le húsáidí sonracha IS trí shraith rialacha comhlántacha, comhréireacha agus solúbtha. Tabharfaidh na rialacha sin príomhról don Eoraip maidir leis an gcaighdeán óir domhanda a leagan síos.

Tugann an creat sin an tsoiléireacht d’fhorbróirí IS, d’imlonnóirí agus d’úsáideoirí IS trí idirghabháil a dhéanamh sna cásanna sin nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht náisiúnta agus le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana. Moltar sa chreat dlíthiúil le haghaidh IS cur chuige soiléir, éasca le tuiscint, bunaithe ar cheithre leibhéal éagsúla riosca: riosca do-ghlactha, ardriosca, riosca teoranta, agus riosca íosta.

Clocha míle tábhachtacha

  1.  

An Nuacht is Déanaí

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

An intleacht shaorga

Tá sé d’aidhm ag an Aontas intleacht shaorga iontaofa a thógáil lena dtugtar tús áite do dhaoine.

Léargas níos doimhne

Plean Comhordaithe maidir leis an Intleacht Shaorga

Is é is aidhm don Phlean Comhordaithe maidir leis an Intleacht Shaorga dlús a chur le hinfheistíocht san intleacht shaorga, gníomhú maidir le straitéisí agus cláir intleachta saorga agus beartas intleachta saorga a ailíniú chun ilroinnt san Eoraip a sheachaint.

An Chomhghuaillíocht Eorpach um Intleacht Shaorga

Is tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh í an Chomhghuaillíocht Eorpach um Intleacht Shaorga chun idirphlé beartais oscailte a bhunú maidir leis an Intleacht Shaorga. Ó seoladh é in 2018, tá thart ar 6000 geallsealbhóir gafa ag an gComhghuaillíocht intleachta saorga trí...

Féach freisin

Róbataic

Cuireann an tAontas taighde, cruthú post agus nuálaíocht chun cinn go gníomhach trí róbait níos fearr agus níos sábháilte, agus gnéithe eiticiúla den dul chun cinn atá déanta á gcosaint ag an am céanna.

Related Content