Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Saoirse agus iolrachas na meán

Seasann an tAontas Eorpach le saoirse agus iolrachas na meán mar cholúin den daonlathas nua-aimseartha agus mar chumasóirí do dhíospóireacht shaor agus oscailte.

Cinntíonn saoirse agus iolrachas na meán sreabhadh na faisnéise agus tá ról lárnach acu maidir le cumhacht a thabhairt chun cuntais. Tá dlús curtha ag an gCoimisiún lena chuid oibre sa réimse sin, rud a chuireann saoirse na meán i gcroílár a tuairiscithe ar an smacht reachta agus a leanann de mhaoiniú a dhéanamh ar thionscadail éagsúla a bhfuil torthaí nithiúla ag baint leo. Tá príomhthionscnaimh beartaithe ag an gCoimisiún freisin chun feabhas a chur ar obair agus ar shábháilteacht iriseoirí agus ghlac sé plean gníomhaíochta atá dírithe ar éiceachóras inmharthana meán a chothú.

Tá gealltanais an Aontais Eorpaigh saoirse agus iolrachas na meán a urramú agus seasamh leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh — lena n-áirítear an ceart chun faisnéis a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí — cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ar aon dul le hAirteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

Reachtaíocht agus an smacht reachta

Tháinig an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh i mí Lúnasa 2025. Cuireann sé leis anTreoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc. Moladh EMFA den chéad uair imí Mheán Fómhair 2022, agus is é is aidhm dó sláine an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, agus ar an gcaoi sin iolrachas agus neamhspleáchas na meán san Aontas a chosaint. Tionóladh glao ar fhianaise aguscomhairliúchán poiblí oscailte le linn fhorbairt an Ghnímh Eorpaigh um Shaoirse na Meán. Tá sé d’aidhm ag EMFA an méid seo a leanas a dhéanamh:

  •  Neamhspleáchas eagarthóireachta a chosaint trí cheangal a chur ar na Ballstáit saoirse eagarthóireachta éifeachtach soláthraithe seirbhíse meán a urramú;
  • Foinsí iriseoireachta a chosaint, lena n-áirítear i gcoinne úsáid earraí spiaireachta.
  •  Feidhmiú neamhspleách na meán seirbhíse poiblí a áirithiú, lena n-áirítear trí acmhainní airgeadais leordhóthanacha, inbhuanaithe agus intuartha a ráthú agus trí thrédhearcacht a chothú maidir le Ceann nó comhaltaí bhoird bainistíochta meán na seirbhíse poiblí a cheapadh;
  •  Trédhearcacht úinéireacht na meán a ráthú trí fhaisnéis shonrach fúthu féin a bheith á nochtadh ag soláthraithe seirbhíse meán (e.g. ainmneacha dlíthiúla, sonraí teagmhála, úinéireacht);
  •  Coimircí a sholáthar in aghaidhábhar meán arna tháirgeadh de réir caighdeáin ghairmiúla ach a mheastar a bheith ar neamhréir le téarmaí agus coinníollacha a bheith á bhaint gan údar ag Ardáinan-Mhór ar Líne (arnan-ainmniú faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha);
  •  Ceart a thabhairt isteach chun an tairiscint meán a shaincheapadh ar ghléasanna agus ar chomhéadain, amhail teilifíseáin nasctha, lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí na socruithe réamhshocraithe a athrú chun a roghanna féin a léiriú;
  • A áirithiú go soláthróidh na Ballstáit measúnú ar thionchar phríomhchomhchruinnithe mhargadh na meán ar iolrachas na meán agus ar neamhspleáchas eagarthóireachta trí thástálacha ar iolrachas na meán;
  • Níos mó trédhearcachta a áirithiú maidir le tomhas pobail meáin do sholáthraithe seirbhíse meán agus d’fhógróirí, chun teorainn a chur leis an riosca a bhaineann le sonraí teannta nó claonta pobail meáin;
  • Ceanglais trédhearcachta a bhunú maidir le fógraíocht stáit a leithdháileadh ar sholáthraithe seirbhíse meán agus ar ardáin ar líne ag údaráis phoiblí agus ag eintitis phoiblí;
  • An comhar agus an comhordú idir rialtóirí meán a threisiú agus a leathnú, lena n-áirítear maidir le bearta a bhaineann le seirbhísí meán ó lasmuigh den Aontas.

Is cineál áirithe ciaptha iad cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail, ar a dtugtar ‘SLAPPanna’ go coitianta, a úsáidtear go príomha i gcoinne iriseoirí agus chosantóirí chearta an duine chun labhairt amach ar shaincheisteanna a bhaineann le leas an phobail a chosc nó pionós a ghearradh ina leith. Tháinig an Treoir maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPP) i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2024 lena soláthraítear do chúirteanna agus spriocanna SLAPPanna na huirlisí chun imeachtaí cúirte ar follasach go bhfuil siad gan bhunús nó mí-úsáideach a chomhrac. Tá feidhm ag na coimircí in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu.

Ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach. Oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara chun sábháilteacht iriseoirí a fheabhsú. Cuirfidh sé maoiniú inbhuanaithe ar fáil do thionscadail a dhíríonn ar chúnamh dlíthiúil agus praiticiúil d’iriseoirí san Aontas agus in áiteanna eile. Seoladh idirphlé le páirtithe leasmhara i mí an Mhárta 2021 faoin bhFóram Eorpach um Meáin Nuachta, agus bhí páirtithe leasmhara in ann aiseolas a thabhairt ar an Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus oibrithe eile sna meáin a glacadh i mí Mheán Fómhair 2021. Beartaítear leis an bplean freisin leithdháileadh trédhearcach agus cothrom na fógraíochta stáit a chur chun cinn, éagsúlacht na meán a chothú agus cur chuige Eorpach a fhorbairt maidir le suntasacht seirbhísí meán closamhairc leasa ghinearálta. Eisíodh glao ar thairiscintí le haghaidh staidéir ina leith sin.

Leis an Sásra um an Smacht Reachta, tiomnaítear príomhchuid do shaoirse agus d’iolrachas na meán, ina scrúdaítear údaráis agus comhlachtaí rialála na meán, trédhearcacht úinéireacht na meán agus cur isteach ón rialtas agus an creat chun iriseoirí a chosaint. Foilsíodh an chéad tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, lena gcumhdaítear gach ceann de na 27 mBallstát, an 30 Meán Fómhair 2020. Cuirtear i láthair ann sintéis ar staid an smachta reachta san Aontas agus measúnú ar an staid i ngach Ballstát, ag díriú ar cheithre phríomhcholún: an córas ceartais, an creat frithéillithe, iolrachas na meán, agus srianta agus ceartúcháin institiúideacha eile. 

In 2024, cuireadh i dtábhacht sa chúigiú Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta an dul chun cinn agus na dúshláin leanúnacha araon i dtimpeallacht na meán ar fud na mBallstát. Aithníodh sa tuarascáil na céimeanna nithiúla a ghlac roinnt Ballstát chun sábháilteacht agus dálaí oibre iriseoirí a fheabhsú, agus leathnú chúraimí agus inniúlachtaí an iliomad rialtóirí náisiúnta meán. D’ainneoin an dul chun cinn sin, léiríodh sa tuarascáil ábhair imní leanúnacha maidir le rialachas neamhspleách agus cobhsaíocht airgeadais chraoltóirí meán na seirbhíse poiblí, trédhearcacht úinéireacht na meán, rochtain ar dhoiciméid phoiblí, agus dáileadh cothrom na fógraíochta stáit. D’athdhearbhaigh an Coimisiún a mholtaí sna réimsí sin, agus béim á leagan aige ar shábháilteacht iriseoirí. 

Tugann an chumhacht mhór atá ag na hardáin is mó ar líne údar le rialacha sonracha ex ante a mheas chun iomaíocht agus rogha tomhaltóirí ar líne a chosaint. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, cuirtear feabhas suntasach ar na sásraí chun ábhar neamhdhleathach a bhaint anuas agus chun cearta bunúsacha úsáideoirí ar líne a chosaint go héifeachtach, lena n-áirítear saoirse cainte.

Leis an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc, neartaítear coimircí dlíthiúla i roinnt réimsí a chumhdaítear leis an Monatóir ar Iolrachas sna Meáin, eadhon modhnóireacht ábhair ar líne, neamhspleáchas rialtóirí na meán, trédhearcacht úinéireacht na meán agus litearthacht sna meáin. Tá an próiseas trasuite á leanúint go dlúth ag an gCoimisiún.

Ghlac reachtas an Aontais rialacha maidir le margadh níos cothroime le hAirteagal 17 den Treoir nua maidir le Cóipcheart. Is é is aidhm do na rialacha sin cabhrú le sealbhóirí cirt a bheith níos fearr maidir le hardáin áirithe comhroinnte ar líne. Cinntíonn siad go bhfaigheann sealbhóirí cirt luach saothair níos cothroime as a n-inneachar a úsáid. Maidir leis an gceart nua d’fhoilsitheoirí preasa (Airteagal 15 den Treoir nua maidir le Cóipcheart), cothóidh sé sin iriseoireacht iolrach, neamhspleách agus ardcháilíochta trí sheasamh margála níos fearr a bheith ag foilsitheoirí preasa i leith gníomhaithe margaidh ar líne.

Cistiú díreach

Maoiníonn an tAontas go leor tionscadal:

  • Roinnt tionscadal agus glaonna atá ar siúl faoi láthair nó atá á n-ullmhú, arb é is aidhm dóibh:
    • sáruithe ar shaoirse na meán a mhapáil;
    • iriseoirí atá faoi bhagairt a chosaint;
    • faireachán a dhéanamh ar rioscaí d’iolrachas na meán;
    • tacú le hiriseoireacht chomhoibríoch, le comhar agus le malartú dea-chleachtas.
  • Tionscadail arna reáchtáil ag an Lárionad Eorpach um Shaoirse an Phreasa agus na Meán (ECPMF) agus ag a chomhpháirtithe atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar shaoirse agus iolrachas na meán i mBallstáit an Aontais agus i dtíortha is iarrthóirí.
  • Deontais don Lárionad um Iolrachas sna Meáin agus um Shaoirse na Meán (CMPF) chun an Monatóirar Iolrachas sna Meáin(MPM) a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena dtugtar forléargas cuimsitheach ar na rioscaí do shaoirse agus d’iolrachas na meán ar fud na hEorpa, ag féachaint ar 4 mhórréimse:
    1. cosaint bhunúsach
    2. iolrachas an mhargaidh
    3. neamhspleáchas polaitiúil
    4. cuimsitheacht shóisialta
  • An tionscadal píolótach Media Ownership Monitor, a chuirfidh feabhas ar thrédhearcacht úinéireacht na meán.
  • Clár Eoraip na Cruthaitheachta do 2021-2027, a mbeidh thart ar €2.5 billiún de sa bhuiséad atá beartaithe, méadú 80% i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin (2014-2020) ar bhonn AE27. Cuirfidh sé comhar Eorpach maidir le héagsúlacht chultúrtha agus iomaíochas tionsclaíoch chun cinn d’earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Foilsíodh glao ar chomhpháirtíochtaí iriseoireachta atá dírithe ar chomhoibriú trasteorann ar fud na hearnála a chur chun cinn i measc gairmithe sna meáin nuachta san Eoraip. Chun maoiniú a mhéadú agus chun tacaíocht fhadtéarmach a chinntiú do thionscadail maidir le saoirse, iolrachas agus litearthacht na meán, tá clúdach tiomnaithe €75 mhilliún ar a laghad faighte ón gclár seo.

Bearta tacaíochta

Ó thús phaindéim COVID-19, tá sraith beart curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún chun tacú leis an ngeilleagar agus d’iarr sé ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint astu chun tacú le hearnáil na meán.

  • Cuireadh creat sealadach státchabhrach i bhfeidhm go tapa agus cuireadh síneadh leis. Foilsíodh teimpléad treorach tiomnaithe maidir le státchabhair chun na meáin nuachta a dhigitiú freisin chun cabhrú leis na Ballstáit a bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a dhearadh.
  • Le tacaíocht airgeadais REACT-EU, dírítear cistí comhtháthaithe breise ar thosaíochtaí ríthábhachtacha fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), nó ar FBManna cruthaitheacha in earnáil an chultúir a aithnítear mar thosaíocht. Áirítear ar na cistí sin fóirdheontais fostaíochta, scéimeanna oibre gearrthéarmacha, agus leachtacht agus sócmhainneacht do FBManna.  
  • Is ionstraim í an tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) atá ar fáil do na Ballstáit chun iarmhairtí díobhálacha eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a chomhrac.
  • Rinneadh na huirlisí atá ann cheana a oiriúnú, lena n-áirítear níos mó solúbthachta maidir leis na tionscadail a dtacaítear leo a chur chun feidhme. Mar shampla, leis an tsaoráid ráthaíochta atá ann cheana do FBManna in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, lena n-áirítear na meáin, ceadaítear níos mó solúbthachta maidir le haisíocaíochtaí iasachtaí agus éascaítear iasachtú trí níos mó slándála a thabhairt do na hinstitiúidí airgeadais.
  • Ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta chun tacú le téarnamh agus claochlú earnáil na meán agus earnáil an chlosamhairc. Tá na hearnálacha sin, atá buailte go háirithe ag géarchéim an choróinvíris, ríthábhachtach don daonlathas, agus d’éagsúlacht chultúrtha agus neamhspleáchas digiteach na hEorpa. Dírítear sa phlean gníomhaíochta ar 3 réimse gníomhaíochta agus ar 10 ngníomhaíocht nithiúla. Cuideoidh siad sin le hearnáil na meán téarnamh ón ngéarchéim trí rochtain ar mhaoiniú a éascú agus a leathnú. Cuideoidh siad freisin le hearnáil na meán athrú ó bhonn a dhéanamh trí infheistíochtaí a spreagadh chun glacadh leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas agus athléimneacht na hearnála amach anseo á háirithiú ag an am céanna. Ar deireadh, tabharfaidh siad cumhacht do shaoránaigh agus do chuideachtaí na hEorpa.

Amlíne EMFA

is éard atá san amlíne glacadh an togra in 2022 chun go mbeidh sé in-fhorfheidhmithe go hiomlán faoi mhí na Bealtaine 2027

An nuacht is déanaí

EU flag - 12 yellow stars forming a circle over a blue background
  • Press release
  • 10 Meán Fómhair 2025

Ina haitheasc ar Staid an Aontais an 10 Meán Fómhair 2025, roinn Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen na príomhthosaíochtaí agus na tionscadail shuaitheanta don bhliain atá le teacht, ag tógáil ar an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas le blianta beaga anuas.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

Tacaíonn an Coimisiún le claochlú digiteach agus le hiomaíochas na hearnála closamhairc agus na meán chun rochtain ar ábhar ardcháilíochta agus iolrachas na meán a spreagadh.

Léargas níos doimhne